Ceapacháin ar an mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis do Bhanc Ceannais na hÉireann é a fhaomhadh, tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis na daoine ag seo a leanas a athcheapadh mar bhaill de chuid Bhord Árachais Sláinte Shaorálaigh.
Chuaigh an tUasal O’Dwyer istech le Vhi Healthcare i mí Lúnasa 2012 tar éis dó a bheith leis an ngrúpa árachais idirnáisiúnta Ollainnis Achmea, áit a raibh sé ina Phríomhoifigeach Oibriúcháin agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin le freagracht as an gnó árachais saoil, ghinearálta agus shláinte in Interamerican, an dara árachóir is mó sa Ghréig. Tá cuntas teiste thar a bheith mór ag John sna seirbhísí airgeadais agus, go háirithe, san earnáil árachais sláinte. Roimh dó a ról reatha a bheith aige, bhí sé mar Stiúrthóir Bainistíochta in Friends First Life Assurance; Stiúrthóir Oibríochtaí in BUPA Ireland; agus in a Phríomhfheidhmeannach Cúnta, le freagracht as Éilimh, in Vhi Healthcare. Bhí sé ina Chathaoirleach neamhfheidhmiúcháin ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála freisin.
Is achtúire é an tUasal O’Faherty agus is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é ar roinnt cuideachtaí sna réimsí seirbhísí airgeadais agus infheistíochta. Suas go dtí 2013 bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Mercer Ireland agus ina Chathaoirleach ar Chuideachtaí Marsh McLennan in Éirinn. Le linn a ghairmré mar chomhairleoir in Mercer, bhí sé ag tabhairt comhairle don Roinn Sláinte ar feadh blianta fada maidir le cúrsaí árachais sláinte. Is Comhalta é de chuid Chumann na nAchtúirí in Éirinn, agus bhí sé ina Uachtarán ar an gcumann sin chomh maith. Roimhe seo, bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Cistí Pinsin na hÉireann chomh maith.
Is achtúire í Joyce Brennan a bhfuil breis is 20 bhliain taithí ghairme aici. Is Príomhoifigeach í le Mercer agus roimhe seo bhí sí ina Stiúrthóir le KPMG. Bíonn Joyce ag obair i gcomhpháirtíocht le cuideachtaí chun cabhrú leo maoiniú, dearadh, cumarsáid agus bainistíocht leanúnach a gcuid pleananna pinsin a bhainistiú. Tá speisialtóireacht aici i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm cláir athraithe ar phleananna pinsin sochair shainithe agus comhairle a thabhairt d’iontaobhaithe ar rialachas agus nósanna imeachta. D'oibrigh Joyce mar chomhairleoir don Údarás Árachais Sláinte agus don Roinn Sláinte ar rialáil an árachais shláinte phríobháidigh, agus bhí sí ina cathaoirleach ar choiste cúraim sláinte Chumann na nAchtúirí in Éirinn. Tá MBA aici ó UCD agus is Comhairleoir Airgeadais Cáilithe í.
Tá BSC ag an Uasal Moran san Eolaíocht Ríomhaireachta agus tá sé ina Arna d’Institiúid na nAchtúirí ó 1994. Thosaigh sé ag obair le Vhi Healthcare i 1997 tar éis dó a bheith ag obair leis an árachas saoil agus le pinsin agus ceapadh é ar Bhord Stiúrthóirí Vhi Healthcare i 2008. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach Gníomhach le Vhi Healthcare ó mhí na Samhna 2011 go dtí Iúil 2012. Go dtí seo bhí sé freagrach as bainistíocht phunann táirgí Vhi Healthcare agus as táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt.