Tar éis feachtais fógraíochta a bheith déanta ag an tSeirbhís Ceapacháin Phoiblí (PAS), cheap an tAire Sláinte, Simon Harris TD, na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí de chuid an Bhoird Taighde Sláinte. Beidh éifeacht leis na ceapacháin seo ón 15 Iúil 2019 go dtí an 14 Iúil 2024.
Tá an tOllamh Seamas Donnelly ina Ollamh le Leigheas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is ceannaire idirnáisiúnta é sa Mhíochaine Aistritheach agus léiríonn a chuid taighde an stíl clasaiceach ón mbinse go taobh na leapa ar stáitse idirnáisiúnta. Cruthaíonn obair a ghrúpa taighde tacar sonraí cliniciúla, géiniteacha, bitheolaíocha agus braiteoirí a shainmhíníonn bealaí rialála nua do phataiginéime an ghalair nuair a dhéantar iad a cheistiú.
Is céimí míochaine de chuid Choláiste na hOllscoile, Gaillimh (UCG) í, a rinne a oiliúint iarchéime in Ollscoil Dhún Éideann agus a chuir sí faoi Chomhaltacht Ard-Iontaobhas Wellcome Trust i Nua Eabhrac. Tá sé i gceannas ar an Ionad Ollscoile Riospráide in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta atá ina ionad atreoraithe náisiúnta do ghalair riospráide ainsealacha. Faoi láthair, tá sé ina Stiúrthóir Caidrimh Dhomhanda do Scoil an Leighis agus ina cheannaire do Mhol Nuálaíochta Sláinte Éireann i gColáiste na Tríonóide.
Is é an Dr Cunningham Ceann Cliniciúil na dTionscadal Déanach, an T&F Oinceolaíochta in AstraZeneca agus freagracht air as forbairt chliniciúil roinnt cógas nua. Tá an straitéis, dearadh na dtrialacha agus cur i bhfeidhm an chláir chliniciúil a threorú i gceist leis sin, chomh maith leis an idirchaidreamh uile a bhíonn ann le gníomhaireachtaí rialála lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus Riarachán Bia agus Drugaí na SA. Bhain sí a chéim amach in 1988 i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, tá sí ina Comhalta de Chuid Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann, agus is sa leigheas cógaisíochta a dhearna sí a speisialtóireacht. D'oibrigh sí ag leibhéal sinsearach in Éirinn, ar an leibhéal Eorpach, agus le 10 mbliana anuas ar an leibhéal domhanda i gcuideachtaí cógaisíochta ilnáisiúnta (lena n-áirítear Sanofi, GlaxoSmithKline agus Novartis) a infheistíonn sa sruthlíne de chógais dá gcuid féin, faoi seach.
Tugann sí léacht ar an gcúrsa Dioplóma sa Leigheas Cógaisíochta i gColáiste na Tríonóide ar an taighde cliniciúil. Tá sí ina ball de chuid the American Society of Clinical Oncology agus the American Society of Haematology.