D'oibrigh an Dr Griffin mar dhiaitéiteach cleachtach i suíomhanna éagsúla, lena n-áirítear Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte. Is léachtóir í i Scoil na Sláinte Comhghuaillithe, Ollscoil Luimnigh ar an gClár MSc um Chothú an Duine agus Diaitéitic. D'oibrigh sí freisin mar Bhainisteoir Oideachais agus Forbartha Gairmiúla ar Institiúid Cothaithe agus Diaitéitice na hÉireann.
D'oibrigh sí go deonach mar Cheannaire ar Ghrúpa Leasanna Bainistíochta Meáchain Institiúid Cothaithe agus Diaitéitice na hÉireann agus d'fhoilsigh sí roinnt páipéar acadúil.
Reáchtálann an Dr Griffin a gnó féin a sholáthraíonn comhairle maidir le sláinte agus galair a bhaineann le cothú, beartas sláinte agus forbairt clár, oiliúint cothaithe agus forbairt scileanna d’institiúidí tríú leibhéal eile, gairmithe cúram sláinte agus eagraíochtaí eile.
Bhronn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath dochtúireacht ar fhealsúnacht uirthi agus tá Baitsiléir Eolaíochta agus Dioplóma aici i gCothú an Duine agus Diaitéitic.
Is Bainisteoir Teiripeoir Saothair í Genevieve O’Halloran do Chúram Sláinte an FSS Thiar. Ina cáil mar bhainisteoir foirne, áirítear i measc na freagrachtaí atá aici an bhainistíocht ar an tseirbhís teiripe saothair sa chúram príomhúil agus cúram sóisialta i Ros Comáin, ag obair leis an bhfoireann chun tacaíocht agus spreagadh a thairiscint, ag gníomhú mar phointe teagmhála don fhoireann agus do chliaint maidir leis na seirbhísí teiripe saothair i Ros Comáin agus a chinntiú go gcomhlíonann an tseirbhís ceanglais reachtúla agus éigeantacha.
Tá taithí ag Genevieve O’Halloran freisin ag obair i bhFoireann Athshlánúcháin Stróc Teiripeoir Saothair Sinsearach i Ros Comáin agus d’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta in Ionad Cúraim Naomh Uinseann agus i gCúram Pobail an Iardheiscirt.
Tá Dioplóma i mBainistíocht Acmhainní Daonna agus Dioplóma i gCúram Sláinte Lean ag Genevieve O’Halloran.
Is é an tOllamh McGregor Stiúrthóir na hOibre Sóisialta i Scoil na hEolaíochta Polaitiúla agus na Socheolaíochta, OÉ Gaillimh. Múineann sí réimse ábhar lena n-áirítear obair shóisialta le leanaí agus teaghlaigh leochaileacha, cearta óige agus leanaí, an dlí agus cearta an duine agus inniúlacht chultúrtha in obair shóisialta. Is Comhalta Sinsearach Taighde í freisin ag Ionad Taighde Leanaí agus Teaghlaigh UNESCO.
Tá obair thionscadail reatha an Ollaimh McGregor dírithe ar ábhair mar na torthaí do dhaoine óga a fhágann cúram, feasacht an phobail ar chosaint agus leas leanaí, seirbhísí agus beartas tacaíochta teaghlaigh agus an comhéadan idir cleachtais cosanta leanaí agus tacaíochta teaghlaigh i leas leanaí.
Chríochnaigh an tOllamh McGregor Gradam Comhaltachta Isteach Marie Curie le déanaí leis an Ollamh Robert Chaskin in Ollscoil Chicago a chuimsigh taighde a bhaineann le rannpháirtíocht shibhialta agus pholaitiúil na hóige uirbí i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i Londain.
Is imscrúdaitheoir SFI í faoi láthair ar thionscadal CURAM in OÉ Gaillimh dírithe ar threoshuíomh tionchair na bpríomh-imscrúdaitheoirí. Bhí an tOllamh McGregor ag léachtóireacht freisin in obair shóisialta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste le breis agus deich mbliana.
Faoi láthair tá Marie Kennedy ina bainisteoir ceantair ar Tusla, do réigiúin Cheatharlach/Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann Theas. Sa ról seo, imeasc a cuid freagrachtaí tá sí i gceannas ar an bhforbairt ar an Modúl Náisiúnta um Sheachadadh Seirbhíse agus pointe údaráis agus cuntasachta amháin a chruthú do Cheatharlach/Chill Chainnigh agus do Thiobraid Árann Theas. Tá sí cuntasach as an tSeirbhís Gníomhaireachta Leanaí agus Teaghlaigh foriomlán sa réimse agus caithfidh sí a chinntiú go gcomhlíontar gach oibleagáid reachtúil agus rialála maidir le cúram leanaí sa chreat rialála reachtúil.
Tá taithí shuntasach ag Marie Kennedy i réimse na hoibre sóisialta agus tá sí fostaithe sa tseirbhís phoiblí ó 1992. Roimh a ról reatha bhí sí ina Bainisteoir Cúraim Leanaí in Oifig Sláinte Áitiúil Cheatharlach / Chill Chainnigh, Bainisteoir Ginearálta i Seirbhísí Pobail i gCill Chainnigh agus Príomh-Oibrí Sóisialta i Limistéar Cúraim Pobail Cheatharlach / Chill Chainnigh.
I measc a cuid cáilíochtaí acadúla tá B. Staidéar Sóisialta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ard-Dioplóma i Leas Cosanta Leanaí agus M.Sc. i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte.