Ceapacháin ar Chomhairle Chumann Cógaiseoirí na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
**Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis na daoine ag seo a leanas a athcheapadh mar bhaill de chuid Chomhairle Chumann Cógaiseoirí na hÉireann don tréimhse idir an 18 Meitheamh2019 agus an 17 Meitheamh 2023:*
Is cógaiseoir pobail é an tUasal Roy Hogan agus bhain sé céim amach in Ollscoil Strathclyde, Glaschú, sular chríochnaigh sé a chuid staidéar sa Chumann Náisiúnta Cógaiseoirí i 1995. D’oibrigh Roy mar locum agus ar mbonn lánaimseartha i gclinic seirbhísí andúile i gcathair Bhaile Átha Cliath sula chuir sé a chógaslann féin i mbun i mBaile Átha Cliath i 2000, atá ag feidhmiú faoin mbranda Life Pharmacy. D’fhreastail Roy ar choiste cógaisíochta pobail Aontas Cógaisíochta na hÉireann ar feadh naoi mbliana agus is scairshealbhóir bunaitheach de chuid Independent Life Pharmacy PLC (Life Pharmacy) é.
Is cógaiseoir pobail é an tUasal Mark Jordan atá lonnaithe i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Tá Mark mar chuid d’fhoireann Pharmabuddy, a sholáthraíonn acmhainní ar líne do chógaiseoirí, agus tá sé ina láithreoir ar an bpodchraoladh Pharmabuddy chomh maith. Scríobhann Mark alt as Ghaeilge don Irish Pharmacist uair sa mhí chomh maith. Tá sé tógtha go huile is go hiomlán don oideachas, don tsláinte agus don chothú bia.
Tá céim ag an Ollamh Brian Kirby sa chógaisíocht agus ba scoláire é de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é, áit ar chríochnaigh sé PhD sa néarchógaisíocht. Tar éis dó post taighde iardhochtúireachta in Ollscoil Oxford a bheith aige, chuaigh sé isteach i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI) i 2003 agus chuir sé an teagasc cógaseolaíochta i mbun ann laistigh den chéim BSc (Pharm) i Scoil na Cógaisíochta. Chuir sé go mór leis an teagasc fochéime, agus leis an teagasc iarchéimithe, MSc agus PhD, chomh maith, le linn dó a bheith ag múineadh san RCSI.
Idir 2011 agus 2014, cuireadh ar iasacht é go Kuala Lumpur sa Mhalaeisia, áit ar chuidigh sé le bunú Scoil Leighis nua RCSI in Ollscoil Perdana, mar Cheannaire ar an gCógaseolaíocht Chliniciúil. Ina dhiaidh sin tháinig sé ar go dtí an RCSI agus ceapadh é ina Ollamh Comhlach Cógaseolaíochta i Scoil na Cógaisíochta. Ina theannta sin, ceapadh é mar Ollamh Comhghafach i nDámh an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte ag Universiti Putra Malaysia in 2017, áit a bhfuil comhoibriú suntasach taighde aige. I mí Dheireadh Fómhair 2018, ceapadh é mar Cheann Eatramhach Scoil Cógaisíochta an RCSI.
Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í Muireann Ní Shuilleabháin agus is Cógaiseoir Ospidéil í a bhfuil breis agus 25 bliain de thaithí ag obair i réimsí leithne aici, in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe Mheiriceá araon (stáit California agus Washington). Is í an tSábháilteacht Cógais an sainchúram foriomlán atá aici agus tá taithí bhreise aici sa Bhainistíocht Cúraim Sláinte, sa Rialachas Cliniciúil, sa Chógaisíocht Chliniciúil, sa Chógaisíocht Chomhairleach, i bpróisis Chreidiúnaithe, sa Chleachtas Cógaisíochta agus sa Cheannaireacht Tionscadail.
Bhain Joanne Kissane céim amach as an Scoil Cógaisíochta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i 2000. Tá sí ina Ceannasaí Feabhais Oibríochtúil ar LloydsPharmacy Ireland Limited, agus roimhe seo bhí sí ina Cógaiseoir Ceannfort don ghrúpa sin ar feadh thréimhse seacht mbliana. In 2017, críochnaigh sí Máistreacht sa Cháilíocht agus Sábháilteacht sa Bhainistíocht Cúram Sláinte i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn. Rinneadh Joanne a thoghadh mar Uachtarán na Comhairle.
Is é an tUasal Fintan Foy Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) Choláiste Dochtúirí Teaghlaigh na hÉireann (ICGP). Roimhe seo, bhí sé ina POF ar Choláiste Ainéistéisí na hÉireann agus roimhe sin chaith sé 18 mbliana ag obair i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn agus bhí roinnt róil bainistíochta sinsearaí aige. Bhí baint mhór ag Fintan le scoileanna míochaine fochéime agus cláir oiliúna iarchéime a bhunú sa Mhurascaill, sa Mheánoirthear agus san Áise Thoir Theas. Faoi láthair, tá Fintan ina Chathaoirleach ar an gClár Idirnáisiúnta Oiliúna Iarchéime Leighis atá ina socrú comhpháirtíochta idir Feidhmeannas Seirbhísí Sláinte na hÉireann agus Fóram na gComhlachtaí Oiliúna Iarchéime Éireannacha chun oiliúint struchtúrtha a sholáthar do chéimithe míochaine thar lear. Ceapadh é mar Rúnaí ar Fhóram na gcomhlachtaí Oiliúna Iarchéime i Meitheamh 2015.
Cuireadh oiliúint ar an Uasal Graham Knowles ar dtús mar Altra Cláraithe Meabhairshláinte sa RA. Bhí róil bhainistíochta oibríochta agus straitéiseacha éagsúla aige sa NHS, lena n-áirítear Stiúrthóir Gníomhach ar cheann de na hÚdaráis Sláinte is mó sa tír. Tá M.Sc. aige sa Bheartas agus Bainistíocht Cúraim ón London Guildhall University agus M.B.A (Feidhmeannach Sláinte) aige ó Ollscoil Keele. Go dtí le déanaí, bhí Graham ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ospidéal Ríoga Dhomhnach Broc. Tá Graham ag fónadh faoi láthair mar Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Ghrúpa Ospidéal OL.
Is sainchomhairleoir, comhalta de chuid boird agus Stiúrthóir Cairte an tUasal Paul Turpin. D'oibrigh sé mar speisialtóir rialachais leis an Fhoras Riaracháin (IPA) agus d'fhóin sé mar chomhalta boird d'eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha. D'oibrigh sé sa bhainistíocht infheistíochta agus mar stocbhróicéir roimhe seo. D’oibrigh sé san earnáil phoiblí, i róil éagsúla, agus ina measc mar chomhairleoir eacnamaíoch don Roinn Tionscail agus Tráchtála, ceann d’fhoireann NESC agus leis an gCoimisiún Eorpach freisin. Tá MA (Eacnamaíocht), MBA agus Dioplómaí sa Rialachas Corparáideach aige.
Is Speisialtóir san Fhorbairt Ghnó agus ball de chuid Bhord Clárúcháin Súil-Liachta CORU í Ann Sheehan. Chaith sí breis agus ocht mbliana mar bhall de chuid Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, agus faoi láthair tá sí ina ball dá Réamhchoiste Imeachtaí. Feidhmíonn Ann freisin mar abhcóide neamhspleách le SAGE Third Age Ireland.
Is í Geraldine Crowley, Uasal an Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta um Chúram Príomhúil, Straitéis & Pleanáil (FSS). Rinne sí staidéar in Ollscoil Luimnigh agus tá Máistreacht aici sa mBainistíocht Tionscadal chomh maith le céim B.A. (An Riarachán Poiblí). Tá taithí fhairsing aici ag obair san FSS, sa ról atá aici faoi láthair agus i róil eile a raibh aici roimhe seo, mar Cheann Pleanála, Feidhmíochta & Bainistíochta Cláir sa Rannán Cúraim Shóisialaigh. Le déanaí, bhí baint ag Geraldine le hAthchóiriú Conarthach agus Forbairt Seirbhíse Dochtúirí Teaghlaigh. Ceapadh Geraldine ar Chomhairle an PSI mar ainmní an FSS.