Ceapachán ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, Aibreán 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte, Simon Harris TD, an tUasal John Horan mar bhall de Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann ó fheachtas a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Beidh éifeacht leis an gceapachán seo ón 17 Aibreán 2019 go dtí an 5 Nollaig 2022.
Tá réimse leathan taithí ag John Horan ar leibhéal na Bainistíochta Sinsearaí agus ar leibhéal an Bhoird araon. Faoi láthair, tá sé ina Chathaoirleach ar Bhord Stáit, agus roimhe seo bhí sé ina Stiúrthóir agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste Airgeadais agus Iniúchóireachta.
D’fhóin sé ar feadh níos mó ná 20 bliain i róil éagsúla i ngrúpa Aer Lingus. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Chónaidhm Óstáin na hÉireann ar feadh seacht mbliana agus ar Tréidliachta na hÉireann ar feadh deich mbliana. Is Comhalta Oinigh Saoil é de chuid na heagraíochta náisiúnta don ghairm Tréidliachta anois.
Rinne sé ionadaíocht ar son na hearnálacha seo le blianta fada anuas ar Chomhairlí agus ar Bhoird i raon d’eagraíochtaí náisiúnta agus Eorpacha. Tá sé ina Chomhalta de chuid an Bhinse Achomhairc Fostaíochta, ar a ainmníodh IBEC air é, agus tá sé ina bhall de chuid Choiste Gearán agus Caidreamh Cliant an Chumainn Dlí.
Tá Céim Mháistreachta aige san Eolaíocht sa Chleachtas Bainistíochta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
CRÍOCH