Ceapachán ar Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh - an Dr Julia Shaw
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis don Bhord um Chlárú Coslianna iad a ainmniú leis, rinne an tAire Sláinte, Simon Harris TD, na daoine seo a leanas a cheapadh mar bhall gairmiúil de cuid na Comhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh.
Is don tréimhse idir an 23 Bealtaine 2019 an 15 Deireadh Fómhair 2022 atá an ceapachán seo.
Tá taithí 38 bliana ag an Dr Julia Shaw ar an gCosleigheas leis an NHS i réimsí bainistíochta, cliniciúla agus taighde ann. Chríochnaigh sí PhD in 2008 in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste agus tá a cuid oibre curtha i láthair agus foilsithe aici i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
Rinne Julia ionadaíocht thar ceann Thuaisceart Éireann i róil náisiúnta éagsúla, agus ina measc áirítear ceapachán mar Chomhalta Feidhmiúcháin de chuid the Foot in Diabetes UK agus mar Churadh Cliniciúil le Diabetes UK.
Faoi láthair, ina cháil mar Bhainisteoir Cúnta sa Chosleigheas leis an iontaobhas Health and Social Care Trust i mBéal Feirste, cuireann sí leis an gcreat rialachais chorparáidigh agus deimhníonn sí go soláthraíonn foireann de 36 Podiatróir cúram othar ar ardchaighdeán, ar bhealach atá sábháilte agus éifeachtach lena gcomhlíontar luachanna na hearnála poiblí, cóid iompair agus an chuntasacht san Iontaobhas sin.
Faoi láthair, tá sí ina Comhalta de chuid an Phainéil um an Oiriúnacht chun Cleachtadh agus Measúnóir Clárúcháin do Rialtóir an RA (HCPC), ina Comhalta de chuid the Society of Chiropodists and Podiatrists UK, agus ina Eolaí Cairte agus Measúnóir Eolaí Cairte don FGL.
Is Finné Saineolaithe í don the Society of Chiropodists and Podiatrists UK, ball de chuid the Expert Witness Institute, agus tá taithí aici ar thuairiscí dlí saineolaithe a scríobh.
CRÍOCH