Clárú uathoibríoch - an nuacht is deireanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá RFQ foilsithe ag an gComhairle Pinsean chun anailís a dhéanamh ar chur chuige malartach maidir le clárú uathoibríoch. Moltar do sholáthraithe leasmhara clárú ar eTenders ag baint úsáide as aon cheann de na cóid CPV thíos:
Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Chomhairle Pinsean anseo, le do thoil.
Eisítear Glao ar Thairiscintí chun Seirbhís Bhainistithe a sholáthar do Sholáthar agus d’Oibriú an Chórais Cláraithe Uathoibríoch Coigiltis Scoir ar eTenders.gov.ie.
D’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais um Choimirce Shóisialach a thuarascáil tar éis grinnscrúdú réamhreachtrach a dhéanamh ar an mBille um Chlárú Uathoibríoch Coigiltis Scoir. Is féidir leat an preaseisiúint, an tuarascáil agus a moltaí a fheiceáil anseo.
Tá an Réamhfhógra (UAP) do sholáthar seirbhísí riaracháin agus córais phinsin do Chlárú Uathoibríoch i gCóras Coigiltis Scoir foilsithe anois ar eTenders.ie.
Tá grinnscrúdú déanta ag an gComhchoiste Oireachtais um Choimirce Shóisialach ar Cheannteidil an Bhille agus foilseoidh sé a thuairisc in am trátha. Is féidir amharc ar thras-scríbhinní agus físeáin na n-imeachtaí anseo.