Cuireadh d’iarratasóirí ar phost mar Chúntóir Taighde - Tithíocht don tréimhse 2019-2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
12 mhí ar a laghad, téarma seasta, lánaimseartha.
Beidh conradh fostaíochta le Middlequarter Ltd, ceann de chomhpháirtithe HAPAI, ag an té a cheapfar, ach beidh sé ag obair i gcuideachta leis an fhoireann in Aonad Seirbhísí Taighde agus Beartais na Roinne Sláinte, atá lonnaithe i Bloc 1, Miesian Plaza, 50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 XW14.
37 uair in aghaidh na seachtaine
Cuirfear an té a cheapfar ar phointe 7 ar scála pá an IUA: €26,096.
Cáilíocht ar leibhéal máistreachta i ndisciplín ábhartha sa bheartas sóisialta, nó i réimsí na sláinte nó an chúraim shóisialta. Taithí ar thaighde modhanna measctha a dhéanamh. Scileanna idirchumarsáide láidre. Cumas chun tionscadail taighde casta a bhainistiú agus chun a bheith in ann obair go héifeachtach mar chuid d’fhoireann.
Taithí roimhe seo i suíomhanna taighde cúraim shóisialta fheidhmeach ina raibh caidreamh ann leis an lucht déanta beartas, le comhlachtaí ionadaíocha agus le grúpaí sainleasa.
Cuir isteach do Curriculum Vitae i ríomhphost, agus litir chlúdaigh leis, agus breactha amach ann an fáth a bhfuil tú oiriúnach don phost, chuig: ResearchServicesUnit@health.gov.ie nó sa phost: HaPAI F/Ch An tAonad Seirbhísí Taighde agus Beartais, an Roinn Sláinte, Bloc 1, Miesian Plaza, 50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath, D02 XW14
Tá sé beartaithe go mbeidh na hagallaimh ar siúl an tseachtain dar tosach an 2 Nollaig 2019.
Nóta: Ní mór do na hiarratasóirí a bheith i dteideal obair in Éirinn de réir an dlí.
Tá muintir na hÉireann ag fanacht ina mbeo níos faide ná mar a bhí riamh go dtí seo, agus léirítear leis sin an méid atá bainte amach againn mar shochaí agus go háirithe an bealach a bhfuil an córas cúraim shóisialta ag cur leis an líon blianta a bhfuil daoine ag fanacht ina mbeo. Is é an sprioc atá againn ná cúram agus tacaíocht a sholáthar ag an leibhéal castachta is ísle, chomh gar don bhaile an duine féin agus is féidir, agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine maireachtáil go neamhspleách ina bpobail féin, a oiread is gur féidir. Chun cur leis an gcaighdeán beatha sna blianta breise sin atá bainte amach againn, ní mór dúinn díriú ar idirghabhálacha agus tacaíochtaí luatha éifeachtacha a bheith tugtha isteach ar bhealach córasach.
Féadfar gurbh é an cúram cónaithe fadtéarmach an rogha cúraim is oiriúnaí i gcás ina bhfuil riachtanais an duine aosta an-chasta. Mar sin féin, tá an tsamhail chúraim don phobal aosta dírithe go díréireach ar an gcúram cónaithe seachas ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta leanúint ar aghaidh ina gcónaí go neamhspleách sa bhaile níos faide.
Moladh in athbhreithniú a bhí déanta in 2015 ar an scéim tacaíochta airgeadais do chúram tí altranais in Éirinn, an Scéim Tacaíochta um Thithe Altranais (NHSS), iniúchadh a dhéanamh ar acmhainneacht a bheadh i gceist le cur chuige comhoibritheach idir an Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil chun aonad cónaithe dhídeanacha tacaithe a sholáthar. Go déanach in 2017 bunaíodh grúpa comhairleach tionscadail agus ionadaíocht air thar ceann eagraíochtaí saineolaithe sna hearnálacha tithíochta agus cúram sláinte araon. Ba é cuspóir an ghrúpa, i measc rudaí eile, cuidiú leis an Roinn Sláinte agus leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil treoirphrionsabail a fhorbairt a bheadh mar bhonn agus taca le forbairt creata beartais don tithíocht do dhaoine scothaosta.
Ag cur leis an méid sin, d’fhorbair an Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an chéad chomhráiteas beartais in Éirinn maidir leis an tithíocht don phobal sin sa tír atá ag dul in aois. Foilsíodh an ráiteas beartais, “Housing Options for Our Ageing Population” i mí Feabhra 2019. Leis an ráiteas beartais seo, cuirfear creat ar fáil trínar féidir leis an Rialtas roghanna tithíochta éagsúla a éascú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear an tithíocht tacaithe (is é sin tithíocht ina bhfuil cúram ar fáil), do dhaoine scothaosta. Cé gur tháinig roinnt samhlacha éagsúla tithíochta do dhaoine scothaosta chun cinn ar an leibhéal áitiúil, tá gá le cur chuige níos straitéisí agus níos comhoibríche a bheith sa réimse seo chun na torthaí is fearr is féidir a chinntiú. Tá sé tábhachtach a aithint freisin gur gné ríthábhachtach í an tithíocht tacaithe chun daoine scothaosta a éascú fanacht ina bpobail.
Tá an Ráiteas Beartais tiomanta do raon gníomhartha a chabhróidh leis an gcuspóir a bhaint amach chun rogha níos fearr a chruthú do dhaoine scothaosta fanacht ina bpobal féin, agus an tacaíocht chuí a bheith ar fáil dóibh, nuair is gá. Tá Grúpa Forfheidhmithe á bhunú chun a chinntiú go bhfuil cur chuige comhtháite ann chun na bearta seo a chur chun cinn.
I measc na mbeart uileghabhálach, tá:
Tá sé beartaithe freisin, trí na ngníomhartha atá sa ráiteas beartais a chur i bhfeidhm, go ndéanfaí an treoirphlean seo a bheachtú sna blianta beaga amach romhainn de réir na n-athruithe beartais agus próisis a bheidh ann idir seo agus siúd.
Tacaíonn an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach leis an ról seo; tá sé comh-mhaoinithe ag The Atlantic Philanthropies, an Roinn Sláinte, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (An Rannán Sláinte agus Folláine), agus Middlequarter Ltd. Is clár taighde, monatóireachta agus measúnaithe agus bainistíochta eolais comh-mhaoinithe é HaPAI.
Is éard is cuspóir an Tionscnaimh ná ceann de chuspóirí na Straitéise Náisiúnta um an Aosú Dearfach (NPAS) a chomhlíonadh, is é sin ‘tacú leis an taighde faoi dhaoine ar dhaoine de réir mar a théann siad in aois, agus an taighde sin a úsáid chun freagairtí beartais ar aosú an daonra in Éirinn a threorú ar bhealach níos fearr’. Ina dhiaidh sin, tá an NPAS nasctha leis an tionscnamh um Éire Shláintiúil ar seoladh é in 2013 agus trína bhfuil creat agus tacar gníomhartha curtha ar fáil ar fud na ngníomhaireachtaí agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha go léir, lena ndéantar aitheantas ar an ngá atá ann le féachaint ar an tsláinte agus an fholláine mar chontanam ar feadh chúrsa an tsaoil. Is féidir na sonraí ar fad maidir leis an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach a fháil ag www.hapai.net.
Déanfaidh an té a cheapfar taighde ar mhodhanna measctha d’fhorbairt beartais chun tacú le cur i bhfeidhm an Ráitis Bheartais “An Tithíocht don Daonra atá ag dul in Aois”.
Is iad na dualgais lárnacha atá ann ná:
Beidh an Taighdeoir ag obair le hAonad Seirbhísí Taighde agus Beartais na Roinne Sláinte agus leis an Aonad Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta den chuid is mó (ach beidh sé ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil freisin) agus freastalóidh sé ar chruinnithe an Ghrúpa Forfheidhmithe.
1. Cur le dearadh agus le tabhairt chun críche staidéar taighde ar mhodhanna measctha
2. Cur i láthair agus tuarascálacha tionscadail a ullmhú
3. Obair a dhéanamh i gcomhar leis an nGrúpa Forfheidhmithe agus leis na ranna ábhartha chun torthaí taighde ó shruthanna oibre gaolmhara a aistriú go ceisteanna agus roghanna beartais, le haghaidh samhlacha tithíochta tacaithe, a ndéanfaidh na ranna breithmheas orthu ina dhiaidh sin, le cúnamh ón nGrúpa Forfheidhmithe agus ó gheallsealbhóirí ábhartha.
4. Obair a dhéanamh i gcomhar leis an nGrúpa Forfheidhmithe agus leis na ranna ábhartha chun beartas molta le haghaidh treoirphlean do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, Comharchumainn, Údaráis Áitiúla agus forbróirí príobháideacha a fhorbairt bunaithe ar thorthaí na roghanna arna measúnú, i measc nithe eile.
Freagrachtaí Breise:
Bainistíocht Eolais: Páirt ghníomhach a ghlacadh san iarracht chun na gníomhaíochta taighde go léir a chur chun cinn agus léargas agus eispéiris taighde a chur in iúl do na comhpháirtithe tionscadail, i gcruinnithe agus i seimineáir, mar shampla, agus trí ábhair foghlama agus forbartha (L&D) a fhorbairt.
Cáilíocht iarchéime (Máistreacht) i ndisciplín ábhartha sa bheartas sláinte nó sóisialta.
Saineolas agus Taithí (bunriachtanach)
1. A bheith in ann tuiscint a léiriú ar chóras sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann, go háirithe maidir leis an pobal atá ag dul in aois
2. An taighde feidhmeach ag úsáid modhanna measctha
3. Scileanna taighde cainníochtúla agus cáilíochtúla den scoth agus bogearraí oiriúnacha á n-úsáid chuige sin (leithéidí Stata, SPSS, R, MaxQDA) agus a bheith in ann é sin a léiriú
4. Scileanna eagrúcháin, cumarsáide, idirphearsanta agus cur i láthair den scoth
5. Cumas torthaí taighde a scaipeadh i bhformáidí atá inrochtana do lucht léite éagsúla
Saineolas agus Taithí (inmhianaithe)
Taithí ar a bheith ag obair le grúpaí sainleasa agus leis an lucht déanta beartas.
Is fostóir comhdheiseanna é an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach. Mairfidh an conradh ar feadh 12 mhí ar a laghad, bunaithe ar sheachtain 37 uair an chloig. D’fhéadfadh gá a bheith ann a bheith ag obair uaireanta frithshóisialta ó am go chéile.
Fiosrúcháin neamhfhoirmiúla chuig: ResearchServicesUnit@health.gov.ie