Cuireadh d’iarratasóirí ar phost mar Thaighdeoir Iardhochtúireachta sa Chúram Sóisialta don tréimhse 2019-2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh conradh fostaíochta le Middlequarter Ltd, ceann de chomhpháirtithe HAPAI, ag an té a cheapfar, ach beidh sé ag obair i gcuideachta leis an fhoireann in Aonad Seirbhísí Taighde agus Beartais na Roinne Sláinte, atá lonnaithe i Bloc 1, Miesian Plaza, 50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 XW14.
37 uair/seachtain
Déanfar an ceapachán ar scála Tuarastail an IUA ag pointe ar aon dul leis an taithí - Scála pá Chumann Ollscoile na hÉireann Iar-Dhochtúireachta, Leibhéal 2.
An Dr Sarah Gibney, Aonad na Seirbhíse Taighde agus Beartais, an Roinn Sláinte
Cáilíocht ar leibhéal Dochtúireachta a bheartas sóisialta, nó i réimsí na sláinte nó an chúraim shóisialta. Taithí ar anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil ag baint úsáide as bogearraí cuí. Foilseacháin (tuarascálacha taighde, ailt irise srl.) ar aon dul leis an taithí. Scileanna idirchumarsáide láidre. Cumas chun tionscadail taighde casta a bhainistiú agus chun a bheith in ann obair go héifeachtach mar chuid d’fhoireann.
Taithí roimhe seo i suíomhanna taighde cúraim shóisialta fheidhmeach ina raibh caidreamh ann leis an lucht déanta beartas, le comhlachtaí ionadaíocha agus le grúpaí sainleasa.
Cuir isteach do Curriculum Vitae i ríomhphost, agus litir chlúdaigh leis, agus breactha amach ann an fáth a bhfuil tú oiriúnach don phost, chuig: ResearchServicesUnit@health.gov.ie nó sa
PHOST: HaPAI F/Ch An tAonad Seirbhísí Taighde & Beartais, an Roinn Sláinte, Bloc 1, Miesian Plaza, 50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath, D02 XW14
Tá sé beartaithe go mbeidh na hagallaimh ar siúl an tseachtain dar tosach an 2 Nollaig 2019.
Nóta: Ní mór do na hiarratasóirí a bheith i dteideal obair in Éirinn de réir an dlí.
Tá muintir na hÉireann ag fanacht ina mbeo níos faide ná mar a bhí riamh go dtí seo, agus léirítear leis sin an méid atá bainte amach againn mar shochaí agus go háirithe an bealach a bhfuil an córas cúraim shóisialta ag cur leis an líon blianta a bhfuil daoine ag fanacht ina mbeo. Is é an sprioc atá againn ná cúram agus tacaíocht a sholáthar ag an leibhéal castachta is ísle, chomh gar don bhaile an duine féin agus is féidir, agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine maireachtáil go neamhspleách ina bpobail féin, a oiread is gur féidir. Chun cur leis an gcaighdeán beatha sna blianta breise sin atá bainte amach againn, ní mór dúinn díriú ar idirghabhálacha agus tacaíochtaí luatha éifeachtacha a bheith tugtha isteach ar bhealach córasach.
Cuimsítear leis an raon feidhme beartais reatha don chúram sóisialta in Éirinn an cúram baile, an cúram cónaithe, agus an cúram maolaitheach agus tacaíochtaí pobail do dhaoine scothaosta agus dóibh siúd chomh maith atá faoi mhíchumas. Chomh maith le próifíl aosaithe an daonra i gcoitinne a aithint ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil próifíl aoise na ndaoine faoi mhíchumas ag athrú agus méadú 173% tagtha ar an líon daoine os cionn 55 bliana faoi atá faoi mhíchumas intleachtúil ó bhí 2002 ann. Bíonn níos mó míchumais ann de réir mar a théann an daonra in aois tá sé léirithe i dtáscairí HaPAI go mbeidh beagnach 50% den daonra faoi mhíchumas ag 75 bliana d’aois.
Beidh gá le hathrú suntasach chun an fhís atá ag Sláintecare don chúram sláinte a bhaint amach, maidir le samhlaí cúraim a dhearadh a bheidh in ann freastal ar riachtanais iomlánaíoch grúpaí éagsúla daoine, chomh maith leis an mbealach a sholáthraítear an cúram a athrú i ngach uile láithreán - sa bhaile, sa phobal agus san ospidéal. Tá gá le córas atá comhtháite i dtéarmaí gach céim de shaol an duine.
Tacaíonn an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach leis an ról seo; tá sé comh-mhaoinithe ag The Atlantic Philanthropies, an Roinn Sláinte, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (An Rannán Sláinte agus Folláine), agus Middlequarter Ltd. Is clár taighde, monatóireachta agus measúnaithe agus bainistíochta eolais comh-mhaoinithe é HaPAI.
Is éard is cuspóir an Tionscnaimh ná ceann de chuspóirí na Straitéise Náisiúnta um an Aosú Dearfach (NPAS) a chomhlíonadh, is é sin
‘tacú leis an taighde faoi dhaoine ar dhaoine de réir mar a théann siad in aois, agus an taighde sin a úsáid chun freagairtí beartais ar aosú an daonra in Éirinn a threorú ar bhealach níos fearr’.
Ina dhiaidh sin, tá an NPAS nasctha leis an tionscnamh um Éire Shláintiúil ar seoladh é in 2013 agus trína bhfuil creat agus tacar gníomhartha curtha ar fáil ar fud na ngníomhaireachtaí agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha go léir, lena ndéantar aitheantas ar an ngá atá ann le féachaint ar an tsláinte agus an fholláine mar chontanam ar feadh chúrsa an tsaoil. Is féidir na sonraí ar fad maidir leis an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach a fháil ag www.hapai.net.
Tá an ról seo arna thacú ag an HaPAI dírithe ar thaighde agus ar fhianaise chun an cúram sóisialta a chur chun cinn in Éirinn agus beidh obair thar theorainneacha réimsí éagsúla i gceist leis. Beidh conradh fostaíochta le Middlequarter Ltd, ceann de chomhpháirtithe HAPAI, ag an té a cheapfar, ach beidh sé ag obair i gcuideachta leis an fhoireann in Aonad Seirbhísí Taighde agus Beartais na Roinne Sláinte, atá lonnaithe i mBloc 1, Miesian Plaza, 50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 XW14 Beidh sealbhóir an phoist ag obair faoi mhaoirseacht an Phríomhoifigigh Cúnta, an Dr Sarah Gibney agus beidh sé ag déanamh obair go dlúth i gcomhar le baill foirne ón Rannán Cúraim Shóisialaigh.
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí i dtimpeallacht taighde feidhmeach le deiseanna tuilleadh oiliúna a fháil. Beidh cur amach ag an té a cheapfar ar mhodheolaíochtaí agus ar theicnící anailíseacha a theastaíonn chun fianaise ar ardchaighdeán a sholáthar d’fhonn bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht maidir leis an mbeartas agus straitéisí. Beidh scileanna eagrúcháin, idirphearsanta, anailíse agus scríbhneoireachta den scoth ag an té a cheapfar agus beidh sé in ann aschur ardchaighdeáin a bhainistiú agus a sheachadadh go rathúil do an-chuid lucht léachta éagsúla agus d’úsáideoirí eolais éagsúla ar aon. Beidh an post seo oiriúnach do thaighdeoir idirdhisciplíneach. Molaimid go háirithe dóibh siúd a bhfuil taithí acu ar an taighde ar an aosú iarratas a dhéanamh, cé go bhfuilimid ag iarraidh iarratasóirí ó chúlraí taighde eile freisin.
Is fostóir comhdheiseanna é an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach. Mairfidh an conradh ar feadh 12 mhí ar a laghad, bunaithe ar sheachtain 37 uair an chloig. D’fhéadfadh gá a bheith ann a bheith ag obair uaireanta frithshóisialta ó am go chéile.
Fiosrúcháin neamhfhoirmiúla chuig: ResearchServicesUnit@health.gov.ie