Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na Radagrafaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht sna sála ar a dtoghadh ag cláraithe de chuid na gairme, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, na daoine seo a leanas a cheapadh mar chomhaltaí gairmiúla de Bhord Clárúcháin na Radagrafaithe le héifeacht ón 20 Feabhra 2020 go dtí an 23 Eanáir 2024:
Michelle Sugrue Uas.
Cháiligh Michelle ó Ollscoil Hertfordshire le céim BSc i Radagrafaíocht Dhiagnóiseach sa bhliain 2011. Sa chéad dá bhliain dá gairm, d’oibrigh sí in ospidéal i Londain Láir. Chaith sí an chuid is mó den tréimhse sin i dTomagrafaíocht Ríomhairithe. Ba ansin a chomhlíon sí ról tábhachtach in iniúchadh a dhéanamh ar an méid a bhíonn lionsa na súile á nochtadh do radaíocht le linn scantástálacha inchinne tomagrafaíochta ríomhairithe. Ba mar thoradh air sin a rinneadh dea-athrú i bprótacal ospidéil. Ceapadh í mar Oifigeach Sábháilteachta sa roinn sin freisin.
D’oibrigh sí mar dhochtúir ionaid ar fhilleadh ar ais d’Éirinn di sa bhliain 2013. Tá sí fós ina comhalta de ghrúpa dochtúirí ionaid Bhaile Átha Cliath, rud a thugann deis di léargas a fháil ar an dóigh a n-oibrítear agus a bhfeidhmítear ospidéil dhifriúla. Ghlac Michelle le post buan in Ospidéal Ollscoile Chorcaí i mí Aibreáin 2013. D’oibrigh sí i gcuid mhór sainréimsí éagsúla sa phost sin, lenar áiríodh ról fairsing a imirt sa tSaotharlann um Chataitéarú Cairdiach. Bhí ról aici in oideachas a chur ar radagrafaithe faoi oiliúint in Ospidéal Ollscoile Chorcaí agus i dtreoir a thabhairt dóibh freisin, rud a thug spreagadh di tabhairt faoi dhioplóma i ‘gCeannaireacht Chliniciúil’. Bhí Michelle ina comhalta den choiste um fhorbairt ghairmiúil leanúnach in Ospidéal Ollscoile Chorcaí chomh maith, áit ar oibrigh sí go dlúth leis na comhaltaí eile den choiste chun imeachtaí forbartha gairmiúla leanúnaí agus deiseanna foghlama a eagrú dá cuid comhghleacaithe.
Thug Michelle faoi Theastas Iarchéime in Íomháú Cíoch in Ollscoil Bhruach Theas Londan ansin. I mí Eanáir 2018, thosaigh sí ag obair ina ról reatha mar Radagrafaí Sinsearach sa tseirbhís Scagthástála Cíoch ag Aonad Mhuirfean, Baile Átha Cliath. Ceapadh mar oiliúnóir cliniciúil tamaillín ina dhiaidh sin í.
An tUas. Ciaran Walsh
Is é Ciaran an bainisteoir ar an tseirbhís radagrafaíochta in Ospidéal Bon Secours, Corcaigh, atá ar an ospidéal príobháideach is mó in Éirinn agus a bhfuil mórfhorbairt agus mórleathnú á dhéanamh air faoi láthair. Fuair Ciaran a chuid oiliúna sa Ríocht Aontaithe, áit ar oibrigh sé in ospidéil de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte (NHS) agus in ospidéil phríobháideacha araon. D’fhill Ciaran ar Éirinn chun an tseirbhís tomagrafaíochta ríomhairithe a bhunú in Ospidéal Cholm Cille, Baile Uí Lachnáin. D’éirigh sé ina bhainisteoir ar an tseirbhís radagrafaíochta san Otharlann Theas, Ospidéal Ollscoile Victoria, Corcaigh, ina dhiaidh sin.
Bhí ról aige i roinnt tionscadal réigiúnach agus náisiúnta thar na blianta. D’eagraigh sé a lán gearrchúrsaí agus laethanta staidéir do radagrafaithe i réimsí amhail Baill Dhearga, Íomháú Cairdiach agus Anatamaíocht Thrasghearrthach. Bhí dlúthbhaint ag Ciaran leis an gclár iarchéime i Radagrafaíocht a bhunú i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tugann sé léachtaí do mhic léinn ó am go chéile.
Niamh Moore Uas.
Ag obair di mar shainradagrafaí cliniciúil tomagrafaíochta ríomhairithe roimhe seo agus mar léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, faoi láthair, tá Niamh Moore Uas. ag éisteacht leis na riachtanais atá ag daoine eile agus ag freastal ar na riachtanais sin i gcónaí. Agus í ag obair in Ospidéal Ollscoile Chorcaí le tréimhse 20 bliain, go príomha i réimse an scanta tomagrafaíochta ríomhairithe, chinntigh Niamh gur soláthraíodh seirbhís agus oideachas ardchaighdeáin tomagrafaíochta ríomhairithe go héifeachtach ach úsáid a bhaint as na hacmhainní a bhí ar fáil di. I measc na scileanna a bhí ag teastáil sa ról sin bhí éisteacht le riachtanais éagsúla, faisnéis a thiomsú agus acmhainní a chur in ord tosaíochta.
Tá ról gníomhach ag Niamh i dtaighde a dhéanamh ar scanadh tomagrafaíochta ríomhairithe le níos mó ná deich mbliana anuas. Tá sí ina comhalta de chomhairle náisiúnta Institiúid Radagrafaíochta agus Teiripe Radaíochta na hÉireann. Tá sí ina comhalta de Ghrúpa um Oideachas Radagrafaíochta ón mbliain 2013 i leith freisin agus, mar chuid den ról sin, d’fhorbair sí cúrsa atá creidiúnaithe go náisiúnta in instealladh infhéitheach a riar. Bhí an Grúpa um Oideachas Radagrafaíochta ar thús cadhnaíochta clár máistreachta i Radagrafaíocht Dhiagnóiseach a fhorbairt i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí Niamh ina Comhordaitheoir ar Fhorbairt an Chláir agus tá sí ina Léachtóir ar an gclár faoi láthair.