Ceaptar an tUas Don Gallagher mar Chathaoirleach ar bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá roinnt cuideachtaí árachais agus bainistíochta rachmais, idir chomhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, a raibh an tUas Gallagher ag fónamh orthu nó dá mbainistiú. Tá sé ina Chomhalta Boird de chuid Chomhairle an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean agus tá sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Airgeadais freisin. Suas go dtí le déanaí, bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás Árachais Sláinte. I measc na róil a bhí aige roimhe seo bhí sé ina Leas-Uachtarán Sinsearach agus ina Stiúrthóir Bainistíochta oibríochtaí ar Canada Life Financial Corporation i gCeanada agus in Éirinn/sa Ghearmáin, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina POF ar MetLife Europe dac. Tá M.Sc. sa Bhainistíocht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag an Uas Gallagher, chomh maith le céim B.Sc (Onóracha) Matamaitice ón Ollscoil Oscailte. Is Stiúrthóir Cairte é freisin le hInstitiúid Stiúrthóirí na Ríochta Aontaithe.
Tá an tUas Gallagher ceaptha don tréimhse ón 22 Meán Fómhair 2021 go dtí an 23 Márta 2024.