Nuacht
Ceapacháin chuig an Chomhairle Chomhairleach maidir le Heipitíteas C
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniú Transfusion Positive, rinne an tAire Sláinte, Simon Harris, T.D., na daoine seo a leanas a athcheapadh mar bhaill den Chomhairle Chomhairleach maidir le Heipitíteas C le héifeacht ón 18 Márta 2020 go dtí an 17 Márta 2023:
An tUasal Laura O’Brien
Síciteiripeoir í an tUasal Laura O’Brien atá creidiúnaithe le Cumann Comhairleoireachta agus Síciteiripe na hÉireann. D’oibrigh sí i gCoiste Feidhmiúcháin Transfusion Positive ón mbliain 2005 ar aghaidh.
An tUasal Enda Hannon
Ball de Choiste Feidhmiúcháin Transfusion Positive é an tUasal Hannon agus tá taithí aige ar an eacnamaíocht agus ar innealtóireacht bogearraí.