Ceapacháin chuig Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtas um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (PAS), cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an duine seo a leanas mar bhall den Údarás Rialála Táirgí Sláinte ó 28 Meán Fómhair 2020 go 31 Nollaig 2024:
An Dochtúir Joe Collins MVB PhD CSci CBiol FSB MRCVS CertEP CertVR
Cháiligh an Dochtúir Collins ó Scoil an Leighis Tréidliachta, UCD i 1987. Ó shin d’oibrigh sé in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe i gcleachtadh tréidliachta príobháideach, sa tionscal cógaisíochta agus in earnáil na n-ollscoileanna.
Faoi láthair tá Joe ina Phríomhchomhairleoir Tréidliachta (Eoraip) ag The Donkey Sanctuary, ENR domhanda a bhfuil a ceannceathrú sa Ríocht Aontaithe, ina bhall den Bhord Carthanais ag Iontaobhas Leasa Capall na hÉireann (IHWT) agus múineann sé faoi leigheasanna ainmhithe agus cúrsaí oiliúna eolaíochta um chosaint ainmhithe (SAP) in Éirinn.
Bhíodh Joe ina Uachtarán roimhe seo ar Thréidliacht Éireann agus ar Chónaidhm na gCumann Eorpach Tréidliachta Eachaí (an FEEVA) agus d’fhóin se ar an gCoiste Náisiúnta maidir le Cosaint Ainmhithe a Úsáidtear ar Chuspóirí Eolaíochta agus Comhairle Tréidlianna na hÉireann. Tá PhD ag Joe i leas eachaí agus is Eolaí Cairte, Bitheolaí Cairte agus Comhalta de Chumann Ríoga na mBitheolaithe é. Is iad na príomhshuimeanna atá aige leas agus cosaint ainmhithe, leigheasanna tréidliachta agus caighdeáin ghairmiúla.