Ceapachán chuig an mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, agus le faomhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann, tá an tUasal Gregory Sparks ceaptha ag an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., mar Chathaoirleach ar an mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh le héifeacht ón 27ú Feabhra 2023 go dtí an 8ú Nollaig 2026.
Gregory Sparks
Is iar-chomhpháirtí de RSM Farrell Grant Sparks é an tUasal Sparks. Bhí roinnt ceapachán Boird aige san earnáil phríobháideach, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta, i raon leathan réimsí lena n-áirítear na hearnálacha sláinte, meán agus cumarsáide, agus neamhbhrabúis, ag soláthar taithí luachmhar ar fhreagracht airgeadais chorparáideach. D’fhóin sé ar Bhoird an Irish Times, Digicel agus Eircom, agus bhí sé ina chathaoirleach ar Ospidéal an Choim ar feadh roinnt blianta.
Ba chuntasóir cairte é a phríomhghairm bheatha. Ina theannta sin, tá taithí aige san earnáil sláinte mar sholáthraí seirbhíse sláinte.
Le linn a théarma ar Bhord Vhi go dtí seo, bhí an tUasal Sparks ina chomhalta an-ghníomhach agus tiomanta den Bhord agus chuir sé go han-éifeachtach le hobair an Bhoird agus a choistí. Go sonrach, bhí sé ina chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus, i 2018, cheap an Bord é mar Chathaoirleach ar an bhfochuideachta Sláinte agus Folláine, ag tacú leis an eagraíocht i bhforbairt a plean straitéiseach.