Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An Dr Catherine O’Neill
I ndiaidh gairmréime fada a chaitheamh le hoideachas agus taighde cúraim sláinte san earnáil tríú leibhéal (1993-2015), tá an Dr O’Neill ag obair faoi láthair mar chomhairleoir taighde agus oideachais. Roimhe sin, bhí post aici mar léachtóir Sinsearach i Scoil na Staidéar Iarchéime, Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, Bairéin agus Baile Átha Cliath mar Stiúrthóir an Chláir MSc san Altranas agus Cnáimhseachas. D’oibrigh sí sa phobal mar Altra Sláinte Poiblí ionaid.
Is iad sainréimsí spéise Catherine ná fealsúnacht agus socheolaíocht Cúraim sláinte, le béim ar leith ar eitic; topaicí a mhúin sí d’altraí ag an leibhéal fochéime agus ag an leibhéal iarchéime agus do dhisciplíní eile um chúram sláinte, lena n-áirítear dochtúirí leighis, fisiteiripeoirí, teiripeoirí saothair agus raideolaithe.
Bhí a PhD dírithe ar an gcinnteoireacht eiticiúil i gcúram daoine scothaosta in ospidéil. Bhí sí ina comhalta gníomhach den chuibhreannas ailse a d’fhorbair Creat Eiticiúil maidir le Cúram Deireadh Saoil (2010), cur chuige i leith cúram arna ghlacadh in ospidéil agus i saoráidí cúraim fadtéarmacha ar fud na tíre.
Déanann Catherine ionadaíocht faoi láthair ar leas an phobail i gcoitinne ar Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga faoi choimirce CORU - an Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (2017- go dtí an lá atá inniu ann) agus bhí sí ina comhalta den Dámh Altranais agus Cnáimhseachais i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (2015-2019). Tá sí tar éis tréimhse a chaitheamh freisin ar choistí comhairleacha éagsúla do Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann agus bhí sí páirteach go gníomhach san athbhreithniú náisiúnta ar an gCód Iompraíochta agus Eitice Gairmiúla d’Altraí agus Cnáimhseacha in Éirinn (2014).
I measc na dtionscadal agus foilseachán a raibh sí páirteach iontu le déanaí, bhí an t-uasdátú ar an gCód Iompraíochta agus Eitice Gairmiúla d’Altraí agus Cnáimhseacha in Éirinn (2020), an measúnú ar an gClár CLIMB® in Éirinn (2019), agus an t-athbhreithniú ar an gCód Iompraíochta agus Eitice Eorpach d’Altraí na hEorpa le moltaí (2017).
Tá taithí 21 bliain ag an Dr Bernard Hegarty i mbun an dlí faoi bhia a fhorfheidhmiú in Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Ó 2009, tá sé ina Stiúrthóir Beartas Forfheidhmithe ag an údarás, áit a bhfuil sé ina chomhalta den Fhoireann Ardbhainistíochta, freagrach as bainistíocht fhoriomlán conarthaí seirbhísí Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann maidir leis an dlí faoi bhia a chur i bhfeidhm.
D’oibrigh Bernard roimhe sin mar Bhainisteoir Conarthaí le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ó 200, áit a ndearna sé, inter alia, ionadaíocht ar Éirinn ag cruinnithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus de chuid Chomhairle na hEorpa maidir le reachtaíocht faoi bhia. Áirítear leis sin dhá bhliain a chaitheamh ina Chathaoirleach ar Choiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir le hÁbhair Theagmhála Bia. Chaith sé tréimhse freisin mar Chomhchathaoirleach ar Ghrúpa Oibre Chomhairle na hEorpa a d’fhorbair an creat reachtaíochta maidir le hábhair teagmhála bia le linn Uachtaránacht AE na hÉireann in 2004.
Sular thosaigh sé ag obair le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, d’oibrigh sé mar Bhainisteoir Tástála agus Eolaí Sinsearach ag an Ionad Taighde Uisce sa Ríocht Aontaithe, mar Chógaiseoir Taighde le BP sa Ríocht Aontaithe agus mar Chomhalta Taighde in Ollscoil New Mexico sna Stáit Aontaithe. Bhronn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a dhochtúireacht sa Cheimic air agus tá MA aige freisin sa Bhainistíocht Phoiblí.