Cathaoirleach a cheapadh ar Bhord Ospidéal San Séamas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Catherine Mullarkey
Tá Catherine ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Ospidéal San Séamas ón mbliain 2019. Ba bhall den choiste iniúchta agus riosca í bhí sí ina cathaoirleach ar choiste airgeadais an bhoird. Tá sí féinfhostaithe ó 2005 agus baint den chuid is mó aici go le hinfheistíocht agus forbairt na réadmhaoine. Roimhe seo, d'oibrigh sí i seirbhísí an airgeadais leis an mBanc Angla-Éireannach, KBC agus IIB.
Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin í freisin ar The Community Foundation for Ireland, ceann de na heagraíochtaí daonchairdiúla is mó le rá in Éirinn, a chuireann seirbhísí deontóra agus deontais straitéiseacha pobail ar fáil. D’fhreatail sí mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin le Gníomhaireacht Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath ón mbliain 2007 go dtí an bhliain 2012 agus bhí sí ina ball den choiste Iniúchóireachta, Airgeadais agus Riosca agus ina cathaoirleach ar choiste an Ealaíon agus an Chultúir.
Bhain Catherine Baitsiléir Tráchtála amach sa bhliain 1988 ó COBÁC agus cháiligh sí ina dhiaidh sin mar chuntasóir deimhnithe (ACCA) sa bhliain 1992. Sa bhliainn 2017, chríochnaigh sí an Teastas agus an Dioplóma i mBainistiú Cuideachta le hInstitiúid na Stiúrthóirí.