Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na gCoslianna:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis ainmniúcháin ón Aire Oideachais, tá Georgina Gethin ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., ar Bhord Clárúcháin na gCoslianna le héifeacht ón 7ú Feabhra 2023 go dtí an 15ú Deireadh Fómhair 2026.
Múineann agus déanann Georgina taighde ag leibhéal fochéime agus iarchéime agus tá cláir oideachais san altranas bunaithe aici, suas go dtí agus lena n-áirítear cláir PhD. Ta cur amach aici ar na critéir cháilíochta is infheidhme freisin le disciplín na cosliachta. Faoi láthair comhoibríonn sí le comhghleacaithe cosliachta sa taighde agus san oideachas agus tuigeann sí scóip a gcleachtais agus a gclár oideachais as a dtagann an clárúchán. Faoi láthair tá Georgina Gethin i gceannas ar chláir thaighde i réimse an ghalair dhiaibéiteach coise a bhfuil baint dhíreach aige le coslianna agus leis an tSamhail Náisiúnta Cúraim don Chos Dhiaibéiteach. Tá sí ar an gcoiste um fheidhmiúlacht chun cleachtadh don Scoil Altranais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus d’fheidhmigh sí mar athbhreithneoir seachtrach ar chláir oideachais leibhéal 10 in Éirinn. Is scrúdaitheoir seachtrach í d’iarrthóirí PhD, MSc agus meastóir d’iarratais ar dhul chun cinn gairme in institiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is ball í, agus iar-chláraitheoir eolaíoch don Chumann Eorpach um Bainistiú Créachta. Tuigeann sí na hathruithe agus na dúshláin san oideachas gairmiúil cúram sláinte ar fud na hEorpa agus an chaoi a bhfreagraíonn institiúidí éagsúla dóibh sin. Beidh sé seo luachmar chun cur le Bord Clárúcháin na gCoslianna.