Athcheapacháin chuig an Údarás Árachas Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Marcella Flood
Is ceannaire gnó í Marcella a bhfuil neart taithí agus grinneas tráchtála láidir aici, ag obair ag leibhéal an Stiúrthóra le breis agus deich mbliana anuas. Tá taithí fhairsing aici ar oibríochtaí agus ar straitéisí teicneolaíochta. Is Stiúrthóir Cairte í Marcella ó Institiúid na Stiúrthóirí RA agus tá MBA aici ó Scoil Ghnó Michael Smurfit, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Athcheaptar Marcella le héifeacht ón 5ú Iúil 2022 go dtí an 4ú Iúil 2027.
Damien McShane
Is dlíodóir é Damien agus glacadh leis mar dhlíodóir in Éirinn agus i Nua Eabhrac. Is comhairleoir dlí agus feidhmeannach corparáideach é a bhfuil neart taithí aige agus a bhfuil taithí shuntasach ar an leibhéal sinearach aige san earnáil airgeadais agus san earnáil árachais sláinte. Tá céimeanna aige ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide), Óstaí an Rí agus Ollscoil Oxford.
Athcheaptar Damien le héifeacht ón 5ú Iúil 2022 go dtí an 4ú Iúil 2027.
John Armstrong
Is achtúire sinsearach agus eacnamaí sláinte é John. Chríochnaigh sé a staidéir fochéime i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus a staidéir iarchéime in Ollscoil Georgetown, Washington DC. Tá neart taighde déanta aige ar go leor topaicí athchóirithe árachas sláinte agus tá naisc ghníomhacha taighde agus teagaisc aige le hOllscoil Erasmus i Rotterdam, san Ísiltír, agus leis an Institiúid um Riarachán Poiblí i mBaile Átha Cliath. Tá os cionn 25 bliain de thaithí aige ag obair sa tionscal árachas sláinte. Anuas ar sin, thug sé comhairle do bhreis is 20 tír ar thopaicí athchóirithe maidir le maoiniú sláinte i go leor áiteanna éagsúla ar fud an domhain, lena n-áirítear athchóiriú a n-earnála árachais sláinte.
Athcheaptar John le héifeacht ón 18ú Meán Fómhair 2022 go dtí an 17ú Meán Fómhair 2027.