Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) i gcomhar le Fáilte Ireland agus Eagras na Féile Pádraig sonraí a fhógairt maidir le ‘glasú’ láithreacha Oidhreachta agus foirgnimh Stáit le linn na Féile Pádraig 2021. Tá an feachtas seo, a chomórann Lá Fhéile Pádraig agus a chuireann Éire chun cinn anseo agus ar fud an domhain, ag dul ó neart go neart, agus líon suntasach foirgneamh sainchomharthach ar fud an domhain ag ‘glasú’ chun an Fhéile seo a chur chun cinn. I mbliana, is é téama na Féile ná ‘Dúisigh Éire! Awaken Ireland!’ – tugtar cuireadh do chách na míonna fada dorcha a chaitheamh uainn agus aghaidh a thabhairt ar na laethanta geala atá romhainn.
Cé nach féidir cuid de na himeachtaí traidisiúnta a chur ar siúl agus cúrsaí mar atá, tugann Féile Pádraig 2021 deiseanna deifriúla agus Féile Pádraig ar líne i mbliana. Tá deis dochreidte don náisiún agus don domhan bheith i dtús áite ag na himeachtaí ar fad agus cuirfidh glasú na láithreacha againn radharc taitneamhach ar fáil dúinn go léir. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin bhféile téigh chuig stpatricksfestival.ie/events
Soilseoidh an OPW láithreacha Oidhreachta agus foirgnimh Stáit ar feadh tréimhse na féile – ó 12 go 17 Márta 2021 – trí úsáid a bhaint as scagairí glasa, lampaí speisialta agus córais rialaithe soilsithe atá ar fáil cheana.
Is iad seo a leanas na láithreacha Oidhreachta agus na foirgnimh Stáit a shoilseofar le linn na féile a mhairfidh cúig lá:
52 Faiche Stiofáin, (Oifig OPW Bhaile Átha Cliath)
Áras an Uachtaráin
Casino Marino
Dún Uí Choileáin
Teach an Chustaim
Caisleán Bhaile Átha Cliath – Clós Íochtarach & Clós Uachtarach)
An Roinn Fiontar, Tráchtála & Fostaíochta (Sr Chill Dara)
Eastát Farmleigh – An Túr Uisce
Na Ceithre Cúirteanna
Tithe an Rialtais
Teach Uíbh Eachach, Faiche Stiofáin
Teach Cúirte Chill Mhaighneann
Príosún Chill Mhaighneann – Bealach Isteach
Teach Laighean
Foirgnimh Shráid Maoilbhríde
An Ceoláras Náisiúnta (NCH)
An Dánlann Náisiúnta, Bealach Isteach Shráid Mhuirfean
An Leabharlann Náisiúnta, Sraíd Chill Dara
An Músaem Náisiúnta, Sraíd Chill Dara
Músaem Stair an Dúlra
An Féinics, Ascaill Chesterfield, Páirc an Fhionnuisce
Caisleán Ráth Fearnáin
Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann (An Clogtheach),
Faiche Stiabhna (Bealach Isteach, taobh Óstán Shelbourne)
Teach Cúirte Inse, Inis
Mainistir Inse, Inis
Mainistir Chuinche, Cuinche
Cúirt Dhún ar Aill, Dún ar Aill
Caisleán Dhún na nGall, Dún na nGall
Caisleán Bhaile Átha an Rí, Baile Átha an Rí
Caisleán an Rois, Cill Airne
Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid
Caisleán Chill Chainnigh, Cill Chainnigh
Mainistir Eas Géitine
Caisleán Deasumhan, Áth Dara
Caisleán Deasumhan, An Caisleán Nua
Cnoc Shláine, Baile Shláine
Caisleán Bhaile Átha Troim, Baile Átha Troim
An Mhainistir, Mainistir na Búille
An Mhainistir, Sligeach
Caisleán na Cathrach, An Chathair
Caisleán Urumhan, Carraig na Siúire
Carraig Phádraig, Caiseal