Fógra faoi cheapachán an Chathaoirligh ar Bhord Forbartha Náisiúnta na nOspidéal Péidiatraice
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis an tUasal Fred Barry a cheapadh mar an Cathaoirleach ar Bhord Forbartha Náisiúnta na nOspidéal Péidiatraice. Is don tréimhse suas go dtí an 30 Iúil 2023 atá feidhm ag an gceapachán seo.
Ceapadh Fred Barry ina Chathaoirleach ar an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) i mí na Samhna 2017. Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Ervia é, áit a bhfuil sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Infheistíochta agus Bonneagair agus ina bhall de Chreat-Choiste Oibriúcháin an Tionscail Uisce agus ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar an nGrúpa PM, eagraíocht a bhfuil sé ina bhall de chuid an choiste Fháltas, Iniúchta, Riosca agus Airgeadais.
Roimhe seo, bhí sé ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta, agus ar chuideachtaí éagsúla laistigh de Jacobs Engineering Group Inc.
Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás um Bóithre Náisiúntaó 2005 go 2015. Roimhe sin, d’oibrigh sé ar an mbonn idirnáisiúnta le Jacobs ar feadh 25 bliana, agus i measc na ról bainistíochta a bhí aige ann áirítear Stiúrthóir Bainistíochta Grúpa don RA agus Éirinn.
Is Innealtóir Cairte é, agus tá sé cáilithe mar abhcóide freisin, agus is Comhalta de chuid Innealtóirí Éireann agus de chuid Acadamh Innealtóireachta na hÉireann é, áit a bhfuil sé ina bhall den chomhairle ann freisin.
CRÍOCH