Tá Plean Gníomhaíochta Shláinte na mBan 2022 – 2023, seolta ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly.
I ndiaidh cluas éisteachta a thabhairt do mhná de gach aois agus as gach aicme de phobal na hÉireann, tá cinneadh déanta ag an Roinn Sláinte a modh oibre a athrú ar mhaithe le sláinte na mban a fheabhsú. Tá an Plean seo dírithe ar thorthaí sláinte na mban in Éirinn a fheabhsú.
Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/plean-gniomhaiochta-shlainte-na-mban-2022-2023/
Tá tuarascáil foilsithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, bunaithe ar chleachtadh ‘radacach éisteachta’ a raibh sé mar aidhm leis éisteacht le guth na mban maidir le sláinte na mban, cleachtadh a rinneadh trí thaighde a choimisiúnaigh Tascfhórsa Shláinte na mBan i mbliana. Taighdeoirí neamhspleácha a bhí i mbun an taighde, agus ghlac breis is 270 bean as ar fud na hÉireann páirt sa phlé, roinn siad a gcuid eispéireas maidir le córas sláinte na hÉireann agus a gcuid mianta.
Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo: Foilsíonn an tAire Sláinte tuarascáil um ghuthanna na mban i leith sláinte na mban in Éirinn
Inniu d’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, gealltanas clinicí speisialta meanapáis a bhunú ar fud na hÉireann. Beidh ról lárnach ag na clinicí seo sa chur chuige nua maidir le cúram meanapáis do mhná in Éirinn agus beidh tacaíochtaí feabhsaithe cúraim phobail agus cúraim phríomhúil ag tacú leo mar aon le foilsiú foinsí faisnéise spriocdhírithe agus iontaofa do mhná atá ag déileáil leis an meanapás.
Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo: Fógraíonn an tAire Sláinte cur chuige nua i leith cúram meanapáis do mhná in Éirinn