TREOIR 2013/59/EURATOM ÓN gCOMHAIRLE ina bhfuil leagtha síos bunchaighdeáin sábháilteachta chun cosaint a thabhairt ar na contúirtí a eascraíonn as an neamhchosaint roimh an radaíocht ianaíoch
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugtar an Treoir um Chaighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta (BSS) uirthi i gcoitinne.
Ón 6 Feabhra 2018, beidh feidhm ag TREOIR 2013/59/EURATOM ÓN gCOMHAIRLE ina bhfuil leagtha síos bunchaighdeáin sábháilteachta chun cosaint a thabhairt ar na contúirtí a eascraíonn as an neamhchosaint roimh an radaíocht ianaíoch.
Is ar an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil atá an fhreagracht fhoriomlán as an Treoir a thrasuí agus beidh an roinn sin ag tabhairt aghaidh do na forálacha a chosnaíonn oibrithe agus an pobal ó thionchar díobhálach na neamhchosanta roimh an radaíocht ianaíoch. Is í an Oifig um Chosaint Raideolaíoch san EPA a chuirfidh an reachtaíocht seo i bhfeidhm.
Déileálann na forálacha faoi shainchúram na Roinne Sláinte go heisiach le cosaint i gcoinne na gcontúirtí a bhaineann le neamhchosaintí míochaine ó radaíocht ianaíoch. Sainmhínítear neamhchosaintí míochaine sa Treoir BSS mar “othair nó daoine aonair neamhshiomptómacha a bheith neamhchosanta mar chuid dá ndiagnóis nó dá gcóireáil leighis nó fiaclóireachta féin, agus a bhfuil sé mar aidhm aige leas a sláinte a bhaint amach, chomh maith le neamhchosaint a tharlaíonn do chúramóirí agus d’oibrithe deonacha leighis sa taighde leighis nó sa taighde bithleighis ”. Cuirfidh HIQA an reachtaíocht seo i bhfeidhm.
Cúlghairfear na rialacháin radaíochta ianaíoch leighis atá ann cheana féin, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint ar Radaíocht ianaithe Liachta 2002) (I.R. Uimh. 478 de 2002) arna leasú, lena dtrasuítear Treoir 97/43/EURATOM ón gComhairle.
Cé go bhfuil an chuid is mó de na forálacha sa Treoir BSS ceangailteach ar na Ballstáit, tá roinnt airteagail ann ina bhfuil lánrogha ag Éirinn maidir leis an gcaoi a ndéantar iad a thrasú isteach i nDlí na hÉireann. Is chuige seo a iarrann an Roinn Sláinte ionchur ó gheallsealbhóirí ar na ceisteanna atá liostaithe thíos.
COUNCIL DIRECTIVE 2013/59/EURATOM of 5 December 2013 laying down basic safety standards for protection against the dangers arising from exposure to ionising radiation and repealing Directives 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom and 2003/122/Euratom
Ba chóir na fhiosrúcháin agus aighneachtaí uile a dhíriú chuig EHU@health.gov.ie