Rossa Fanning
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 11 Feabhra 2025

Tá Rossa Fanning ina Ard-Aighne na hÉireann ó mhí na Nollag 2022, tar éis d’Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, é a cheapadh, ar ainmniú na dTaoiseach Leo Varadkar, Simon Harris agus Micheál Martin, i mí na Nollag 2022, i mí Aibreáin 2024 agus i mí Eanáir 2025, faoi seach. Mar Ard-Aighne, freastalaíonn sé ar an gComh-Aireacht mar chomhairleoir dlí don Rialtas agus is eisean príomhoifigeach dlí an Stáit.
Bhain sé bunchéim agus iarchéim amach sa dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular bronnadh Scoláireacht Fulbright agus Comhaltacht Ollscoile air chun tabhairt faoi LLM i Scoil Dlí Michigan.
Glaodh chun Barra na hÉireann é sa bhliain 1999 agus d’éirigh sé ina Abhcóide Sinsearach sa bhliain 2016. Is Idirghabhálaí Creidiúnaithe é agus glacadh leis chuig Barra Thuaisceart Éireann é sa bhliain 2019.
Is binseoir é agus is Comhalta ex officio de Chomhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí é, is Comhalta é d’Ardchomhairle Bharra na hÉireann, is Leas-Uachtarán é d’Ionad na hÉireann um an Dlí Eorpach agus is Lán-Ollamh Taca é i Scoil Dlí Sutherland COBÁC.
Mar Ard-Aighne, bíonn sé i gceannas ar dhlíthíocht shuntasach thar ceann Stát na hÉireann os comhair cúirteanna intíre agus idirnáisiúnta. Tháinig sé i láthair Chúirt Uachtarach na hÉireann thar ceann an Stáit i dtrí chás sa bhliain 2023, lenar airíodh cosaint rathúil ar thagairt Airteagal 26 maidir leis an mBille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha 2023. In 2024 rinne sé ionadaíocht ar Éirinn ag éisteachtaí ó bhéal a bhí os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) sa Háig agus os comhair Dhlísheomra Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.