English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas



Réamhrá

Déanann Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas (“an ODP”) seirbhís ghairmiúil dréachtaithe reachtaíochta a sholáthar don Rialtas. Misean an ODP is ea Billí a dhréachtú thar ceann an Rialtais, mar aon le hionstraimí reachtúla a dhréachtú thar ceann an Rialtais agus Airí Rialtais, de réir ardchaighdeáin i gcónaí. Is san Oireachtas a dhéantar Billí a achtú agus is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis an bpróiseas reachtach a fháil ag Tithe an Oireachtais – An chaoi a ndéantar dlíthe.


Mar a oibríonn an ODP

Déanann saindlíodóirí san ODP (ar a dtugtar Dréachtóirí Parlaiminte) reachtaíocht phríomha (Billí Rialtais) agus roinnt reachtaíochta tánaistí (ionstraimí reachtúla, lena n-áirítear rialacháin agus orduithe Rialtais) a bhfuil castacht agus práinn éagsúil ag baint leo a dhréachtú chun éifeacht a thabhairt do bheartas an Rialtais agus do reachtaíocht an AE i ndlí na hÉireann.

Chomh maith leis sin, tá freagracht ar an ODP freisin as leasuithe an Rialtais ar Bhillí (lena n-airítear Billí Comhaltaí Príobháideacha) a dhréachtú ag Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála de dhul chun cinn Bille trí Thithe an Oireachtais.

Trí obair an ODP, cuirtear ar chumas an Rialtais a Chlár Reachtaíochta a chur i bhfeidhm. Oibríonn an ODP i ndlúthchomhar le Coiste Reachtaíochta an Rialtais i ndáil le Bille dá dtugann an Rialtas tosaíocht.


Eagrúchán agus Struchtúr

Is é an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte atá i gceannas ar an ODP agus tá sí roinnte ina ceithre ghrúpa dréachtaithe. Tá freagracht ar gach aon ghrúpa as seirbhísí dréachtaithe a chur ar fáil do líon sonrach Ranna de chuid an Rialtais agus ar a ndéanann Dréachtóir Parlaiminte bainistiú agus a dhéanann an obair laistigh den Ghrúpa a leithdháileadh mar aon le faireachán a dhéanamh ar an obair sin.

Cuirtear oiliúint ardleibhéil ar Dhréachtóirí Parlaiminte sa disciplín maidir le reachtaíocht a dhréachtú le go gcuirfí an córas dlí níos leithne san áireamh agus le go mbeadh sé soiléir agus éifeachtach, de bhreis ar éifeacht reachtach a thabhairt do bheartas an Rialtais agus í a bheith iontaofa ó thaobh an Bhunreachta de.


Stair an ODP

Ceapadh an chéad Dréachtóir Parlaiminte, Arthur Matheson, sular bunaíodh Saorstát Éireann sa bhliain 1922 agus d’oibrigh sé le hOifigeach Dlí Rialtas Sealadach na hÉireann. Nuair a d’éirigh Oifigeach Dlí Rialtas Sealadach na hÉireann ina Ard-Aighne, fágadh Oifig an Dréachtóra Pharlaimintigh faoina chúram. I mí Meán Fómhair na bliana 2000, athraíodh ainm na hoifige ó Oifig an Dréachtóra Pharlaimintigh go Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas.


Coiste Reachtaíochta an Rialtais

Tá Príomh-Aoire an Rialtais ina chathaoirleach ar Choiste Reachtaíochta an Rialtais (CRR) agus i measc na gcomhaltaí atá ann tá an tArd-Aighne, an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte, Bainisteoirí Cláir na bpríomhpháirtithe sa Rialtas, Ceannaire Sheanad Éireann agus ionadaithe ó Roinn an Taoisigh agus ó ODP.

Oibríonn an ODP go dlúth leis an CRR lena chinntiú go gcuirtear Clár Reachtaíochta an Rialtais i bhfeidhm. Is í feidhm an CRR cabhrú leis an Rialtas tosaíochtaí reachtacha a réiteach don seisiún parlaiminte reatha agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i gcrích Chlár Reachtaíochta an Rialtais.

Sula dtosaíonn gach seisiún Dála foilsíonn an Rialtas a thosaíochtaí reachtacha don seisiún sin. Tá baint ag an CRR le foilsiú na dtosaíochtaí reachtacha a ullmhú. Braitheann an clár oibre a bhíonn ag an ODP don seisiún Dála atá i gceist ar na tosaíochtaí reachtacha atá leagtha amach san fhoilseachán.


Ról na nDréachtóirí Parlaiminte

Is éard atá i gceist le ról na nDréachtóirí Parlaiminte ná:

  • treoracha a fháil ó Ranna Rialtais maidir le reachtaíocht a dhréachtú agus anailís a dhéanamh ar na treoracha sin;
  • na treoracha sin a phlé agus a shoiléiriú leis na hoifigigh Roinne lena mbaineann;
  • na treoracha sin a phlé le hAbhcóidí Comhairleacha in Oifig an Ard-Aighne, agus leis an Ard-Aighne, agus aon saincheisteanna dlí a thagann chun cinn a aithint agus comhairle dlí a fháil nuair is gá;
  • reachtaíocht a dhréachtú chun éifeacht a thabhairt do na treoracha sin;
  • dul chun cinn a thuairisciú maidir le hobair dhréachtaithe ar tugadh fúithi.

D’fhéadfadh sé go mbainfeadh obair na nDréachtóirí Parlaiminte le réimse leathan ábhair agus réimsí den dlí, lena n-áirítear:

  • reachtaíocht a bhaineann le hábhair shuntasacha dlí, bunreachtúla nó coiriúla;
  • reachtaíocht lena mbaineann tábhacht mhór pholaitíochta;
  • reachtaíocht rialála agus theicniúil
  • reachtaíocht airgeadais;
  • reachtaíocht lena dtugtar éifeacht do dhlí idirnáisiúnta agus oibleagáidí AE.