Polasaí maidir leis na Meáin Shóisialta
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 6 Meitheamh 2024
Tá Oifig an Ard-Aighne (OAA) tiomanta do sheirbhísí gairmiúla dlí den chaighdeán is airde a chur ar fáil don Rialtas, dá chuid Ranna agus dá chuid Oifigí, ar bhealach atá chomh tíosach agus chomh héifeachtúil agus is féidir agus comhlíonadh le riail an dlí a thacú. Ar aon dul le ranna agus oifigí rialtais go leor, táimid féin ag breathnú anois ar bhealaí chun leas a bhaint as na meáin shóisialta lenár misean a bhaint amach agus le heolas a thabhairt don phobal faoin méid a dhéanaimid.
Tá eolas sa pholasaí seo maidir leis na meáin shóisialta ar an bplé a dhéanaimid le daoine agus dreamanna eile agus ar an gcineál ábhair a phostálaimid. Is é an aidhm atá ag OAA ar na meáin shóisialta obair na hOifige a chur chun cinn, foilseacháin agus tuarascálacha san áireamh, chomh maith le himeachtaí a mbíonn baill foirne OAA ag freastal orthu. Tá aon chuntas amháin againn ar na meáin shóisialta.
An t-ábhar a bheidh á roinnt againn
Má leanann tú ár leathanach ar LinkedIn, beidh ábhar ann ag plé leis na nithe seo a leanas nó cuid acu:
- Teachtaireachtaí faoi ábhar nua ar ár láithreán gréasáin
- Eolas faoi Imeachtaí agus Comhdhálacha
- Ábhar a bhaineann le OAA á athphostáil
- Foilseacháin le baill foirne
- Ábhar eile de réir mar is cuí
Athphostálacha ≠ Moladh
Inúsáidteacht
Tá seans ann nach mbeifear in ann LinkedIn a úsáid ó am go chéile. Ní ghlacaimidne le haon fhreagracht as easpa seirbhíse fad nach mbeidh LinkedIn ag feidhmiú.
Ní dhéantar monatóireacht ar chuntas LinkedIn na hOifige go lánaimseartha agus ní bhímid ar fáil le ceisteanna a fhreagairt.
An plé a dhéanaimid
Ní hionann athphostálacha, nótaí tráchta ná is maith liom agus moladh tuairimí. Déanfaidh OAA ábhar a bhaineann le hobair na hOifige ó Ranna, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó ó pháirtithe leasmhara éagsúla a athphostáil nó tabharfaidh sí is maith liom dó. Ní thabharfaimid freagra ar nótaí tráchta ná ar phostálacha faoi leith ar LinkedIn, áfach. Iarrtar ort gan faisnéis phríobháideach ná faisnéis phearsanta a thabhairt agus tú ag plé linn ar LinkedIn.
Níor chóir LinkedIn a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le OAA. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar na bealaí is fearr Item was unpublished or removed
Tuairisciú/Blocáil
Scriosfar aon nótaí tráchta, postálacha agus teachtaireachtaí maslacha nó turscair a bheadh dírithe ar dhaoine atá bainteach le OAA. Má tharlaíonn a leithéid, d’fhéadfaí leantóirí a bhlocáil agus a thuairisciú go díreach do LinkedIn.