Abhcóide Comhairleach Grád I - Grúpa C
- Foilsithe: 1 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2025
Freagrach as an soláthar seirbhísí dlí a dhéanann grúpa dlíodóirí (Abhcóidí Comhairleacha) a chomhordú agus a bhainistiú (i) mar fhreagairt ar iarrataí ar chomhairle (ii) sa phróiseas dréachtaithe reachtaíochta agus (iii) i gcomhthéacs na dlíthíochta.
Agus na seirbhísí seo á gcomhordú agus á mbainistiú, é sin a dhéanamh ar mhaithe le luach ar airgead, agus scrúdú agus forbairt a dhéanamh ar bhealaí le soláthar na seirbhísí sin ag an Oifig a fheabhsú ar shlí éifeachtúil ó thaobh costas de.
Agus na seirbhísí seo á soláthar, ar na réimsí dlí a mbíonn an Grúpa ag plé leo tá Pleanáil, an Comhshaol agus Fóntais.
Feidhmeanna bainistíochta a chomhlíonadh mar bhall de Choiste Bainistíochta na hOifige. Déantar Abhcóidí Comhairleacha (ar ghráid arb ionann iad agus Príomhoifigeach Cúnta agus Príomhoifigeach) a shannadh don Ghrúpa.