Dréachtóir Parlaiminte - Grúpa 4
- Foilsithe: 13 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Freagrach as na seirbhísí gairmiúla dréachtaithe reachtaíochta a dhéanann sainghrúpa de dhréachtóirí reachtúla (Dréachtóirí Parlaiminte) a sholáthar, a chomhordú agus a bhainistiú ar son na Ranna Stáit seo a leanas:
- An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
- An Roinn Gnóthaí Eachtracha
- An Roinn Sláinte
- An Roinn Coimirce Sóisialaí
Tá Margaret ina ball den Choiste Reachtaíochta Rialtais agus freastalaíonn sí ar chruinnithe den Choiste i dtaca le hobair dréachtaithe reachtaíochta atá faoina sainchúram.