Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte

Mar an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte, is í June ceannasaí gairmiúil Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas (an ODP), oifig atá mar chomhchuid d’Oifig an Ard-Aighne.

Tá an ODP freagrach as Billí Rialtais agus ionstraimí reachtúla Rialtais a dhréachtú agus as ionstraimí reachtúla a dhéanann Airí Rialtais a dhréachtú. Ceithre ghrúpa atá in ODP faoi láthair, gach ceann acu freagrach as seirbhísí gairmiúla dréachtaithe reachtaíochta a sholáthar do Ranna Rialtais faoi leith. Tá gach grúpa acu á bhainistiú ag Dréachtóir Parlaiminte ar ghrád arb ionann é agus Rúnaí Cúnta i Roinn Rialtais. Déanann Bainisteoir an Ghrúpa an obair a dhéanann an grúpa áirithe sin a dháileadh agus a mhonatóiriú. An Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte atá freagrach as riarachán gairmiúil na hOifige agus as an monatóireacht ghinearálta a dhéantar ar an obair san Oifig.

Tá an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte mar bhall de Choiste Reachtaíochta an Rialtais a bhfuil Príomh-Aoire an Rialtais ina chathaoirleach air agus atá freagrach as Clár Reachtaíochta an Rialtais a shocrú agus a mhonatóiriú i ngach seisiún de chuid na Dála. Freastalaíonn an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte ar chruinnithe de chuid Choiste Reachtaíochta an Rialtais leis an Ard-Aighne agus le Bainisteoirí Ghrúpaí na nDréachtóirí Parlaiminte i dtaca leis an obair a dhéantar in ODP le reachtaíocht a dhréachtú.

Sealbhóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat