English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas ar Ainmniú mar Abhcóide Stáit

  • Ó: Oifig an Ard-Aighne

  • Foilsithe: 13 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 6 Meitheamh 2024

Réamhrá

Ba chóir d’abhcóidí ar mhian leo a bheith curtha san áireamh lena n-ainmniú ag an Ard-Aighne d’obair Stáit an Ráiteas Beartais i ndáil le mionteagasc a thabhairt d’Abhcóidí d’Oifig an Ard-Aighne a léamh agus an fhoirm iarratais atá ceangailte leis a chomhlánú.

Íoslódáil agus priontáil an fhoirm iarratais, agus seol an fhoirm chomhlánaithe chuig:

Rúnaí Príobháideach an Ard-Aighne, Oifig an Ard-Aighne, Tithe an Rialtais, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath D02 R583.

De rogha air sin, is féidir an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh mar pdf scanta in éineacht le haon doiciméid ábhartha eile agus cóip de dheimhniú imréitigh cánach atá cothrom le dáta chuig agpo@ag.irlgov.ie


Ráiteas Beartais

Tugann an tArd-Aighne mionteagasc d'abhcóidí chun comhairle dlí a thabhairt agus chun teacht i láthair na cúirte thar ceann pháirtithe Stáit i gcásanna dlíthíochta.

Tá beartas ag an Ard-Aighne maidir le mionteagaisc a dháileadh i measc líon mór abhcóidí, ag féachaint d’fhorálacha chuid 7 den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 lena bhforáiltear:

“Cinnteoidh an tArd-Aighne go ndéanfar na habhcóidí a áiritheoidh sé ina cháil oifigiúil chun gníomhú nó comhairle a thabhairt thar a cheann nó thar ceann aon duine eile a roghnú, as líon na n-abhcóidí sin a mbeidh curtha in iúl acu go bhfuil siad toilteanach gníomhú nó comhairle a thabhairt amhlaidh, i slí go ndéanfar, i dtuairim an Ard-Aighne, na háirithíochtaí sin a dháileadh go cóir cothrom orthu, bliain in aghaidh bliana, ag féachaint dá n-oiriúnacht maidir le haon áirithíocht áirithe, do leas an phobail agus do dháileadh áirithíochtaí faoi fho-alt (2) den alt seo.”

Le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, leagtar d’oibleagáid ar an Stát, i gcás inar páirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte é, an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid.

Le linn dó nó di na hoibleagáidí seo a chomhall, cuireann an tArd-Aighne an méid seo a leanas san áireamh:

  • Leas an phobail ag cinntiú gur abhcóidí fíor-ardchaighdeáin iad na habhcóidí a áirithítear chun gníomhú thar ceann an Stáit de réir threoracha an Ard-Aighne;
  • Caighdeán na seirbhíse arna cur ar fáil ag na habhcóidí a d'áirithigh an Ard-Aighne roimhe seo;
  • An chaoi a bhfuil réimsí dlí áirithe fíortheicniúil nó an-speisialaithe agus d’fhéadfadh sé nach n-oirfeadh na réimsí sin ach amháin do líon teoranta cleachtóirí;
  • Neamh-Idirdhealú: mionteagaisc a thabhairt d’abhcóidí gan aird a thabhairt ar inscne, gnéaschlaonadh, cine, míchumas, aois, creideamh, stádas pósta/teaghlaigh nó ar bhallraíocht den Lucht Siúil;
  • Luach ar airgead agus a chinntiú go dtugtar mionteagasc d’abhcóidí a chuirfidh seirbhís d’ardchaighdeán ar fáil lena dtugtar luach ar airgead.

Iarann an tArd-Aighne ar abhcóidí ar mhian leo a dtoilteanas a chur in iúl go dtabharfadh sé nó sí mionteagasc dóibh a gcuid sonraí agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chur isteach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm. Is éard atá i gceist leis an bhfoirm iarratais (athbhreithnithe i mí Eanáir 2023) ná deis a chur ar fáil d’abhcóidí a gcuid taithí ghairmiúil ábhartha, cáilíochtaí acadúla agus/nó aon fhaisnéis ábhartha eile a bhraitheann abhcóidí a fhágann go bhfuil siad oiriúnach le go dtabharfadh an tArd-Aighne mionteagaisc dóibh, a thabhairt le fios. Cé go mbaineann an fhoirm le gach iarratasóir nua, tá sé beartaithe go háirithe chun deis a thabhairt d’iontrálaithe níos nuaí sa Leabharlann Dlí agus dóibhsean atá sna luathbhlianta ag cleachtadh ag an mBarra a ndintiúir agus a n-oiriúnacht a chur in iúl don Ard-Aighne.

Sa chás gur mhian le habhcóidí, ar chúiseanna pearsanta (lena n-áirítear saoire mháithreachais nó saoire thuismitheoireachta ach gan bheith teoranta dóibh), sos a ghlacadh ó mhionteagaisc a fháil, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl d’oifig phríobháideach an Ard-Aighne, agus an dáta ar a mbeidh siad in ann teacht ar ais ag obair a chur in iúl freisin. Freastalófar go hiomlán ar abhcóidí i dtaca leis sin.

D’fhonn amhras a sheachaint, ní hionann a thabhairt le fios go bhfuil tú sásta mionteagasc a fháil, agus deimhniú, leis féin, go gcuirfear ar aon phainéal abhcóidí thú nó go dtabharfaidh an tArd-Aighne mionteagasc duit.