English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Bernie Kelly

Bernie Kelly

Freagracht fhoriomlán as an ONSC a threorú i seachadadh Seirbhísí Comhroinnte sa Státseirbhís agus caighdeáin a leagan síos agus beartas rialtais a chur i bhfeidhm do Sheirbhísí Comhroinnte ar fud na Seirbhíse Poiblí in Éirinn

Faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, tá “Ceann na hOifige Sceidealta” (an Príomhfheidhmeannach sa chomhthéacs seo), freagrach as na dualgais seo a leanas, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó :

• Gnó na hOifige Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte a bhainistiú go ginearálta (Oifig);

• Beartais rialtais a chur i bhfeidhm atá oiriúnach don Oifig;

• Monatóireacht a dhéanamh ar bheartais rialtais a mbíonn tionchar acu ar an Oifig;

• Torthaí a sheachadadh de réir mar a chinnfidh an tAire;

• Comhairle beartais a chur ar fáil don Aire maidir le gach ábhar a thagann faoi shainchúram na hOifige;

• Ráitis Straitéise a ullmhú lena gcur faoi bhráid an Aire;

• Tuarascálacha ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire maidir le cur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise;

• Úsáid chuí acmhainní agus soláthar seirbhísí poiblí cost-éifeachtúla a áirithiú;

• Achoimre a ullmhú ar an gcaoi a bhfuil freagrachtaí sonracha le sannadh d’oifigigh eile san Oifig;

• Bainistiú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le ceapacháin, feidhmíocht, araíonacht agus dífhostú státseirbhísigh atá faoi bhun ghrád an Phríomhoide nó a choibhéis.


Róil