Faisnéis ar féidir rochtain a fháil uirthi go rialta
- Foilsithe: 1 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Coinnítear na haicmí taifead seo a leanas san Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh.
Riarachán inmheánach:
Baineann bainistíocht laethúil na hOifige le taifid sa chatagóir sin, amhail tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú agus mar sin de.
Riarachán achomharc:
Áirítear i dtaifid sa chatagóir seo ábhar staidrimh ar achomhairc, atá ar fáil sa Item was unpublished or removed
Reachtaíocht achomharc:
Áirítear ar na taifid Achtanna agus Rialacháin agus breithiúnais ábhartha Cúirte.
Loga Nochta Saorála Faisnéise:
Iarratais Neamhphearsanta ó 2015 go dtí seo:
Achoimre ar Iarratais Neamhphearsanta Saorála Faisnéise chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh ó Eanáir 2015 go dtí seo:
- Loga Nochta Saorála Faisnéise (Iarratais Neamhphearsanta)
Arna uasdátu an 5 Feabhra 2019
Dáta an Iarratais | Catagóir an Iarratasóra | Iarratais Saorála Faisnéise Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh (Catagóirí na dTaifead atá á lorg) - Achoimre | An Cinneadh a Rinneadh | Dáta an Fhreagra | |
30/01/2018-9931 | Iriseoir | Líon na n-achomharc a rinneadh leis an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh i gcoinne smachtbhannaí a cuireadh ar íocaíochtaí cuardaitheora poist, agus toradh na n-achomharc ó 2011 go 2017 | Bronnta | 27/02/2018 | |
14/11/2018-11910 | Eagraíocht | Tabhair cóipeanna de gach cinneadh a rinne an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh maidir le stádas daoine aonair fostaithe nó féinfhostaithe a rinneadh go dtí seo in 2018. Féadfar ainmneacha an duine aonair lena mbaineann agus an fhostóra a fholú. Cuir an t-eolas ar fáil go leictreonach trí ríomhphost ina bhunfhormáid le do thoil.” | Diúltaithe | 11/12/2018 | |
13/12/2018-12093 | Eagraíocht | Cuir cóip den lámhleabhar nósanna imeachta Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh nó taifid chomhchosúla ar fáil, chun treoracha agus comhairle a thabhairt do bhreithneoirí Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh agus iad ag láimhseáil achomharc. | Cuir an t-eolas ar fáil go leictreonach trí ríomhphost ina bhunfhormáid le do thoil | Bronnta | 15/01/2019 |
Taifid phearsanta:
Áirítear leis na taifid sa chatagóir seo córas rianaithe ríomhairithe ina bhfuil faisnéis phearsanta teoranta chun monatóireacht a dhéanamh ar achomhairc, comhfhreagras a bhaineann le hachomhairc agus athbhreithnithe ar achomhairc, cóipeanna de chinntí agus mar sin de. Beidh an chuid is mó den fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis an achomharc ar an gcomhad atá i seilbh na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Tá an tAcht um SF deartha chun rochtain phoiblí a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí NACH mbíonn ar fáil de ghnáth trí fhoinsí eile.
Arna athrú: 5 Feabhra 2019.