Cairt Custaiméirí
- Foilsithe: 1 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 24 Feabhra 2025
- Cé muid féin
- Ár dtiomantas do chustaiméirí
- Céard is féidir leat a dhéanamh le cabhrú linn
- An áit ar féidir leat eolas breise a fháil
Tá Item was unpublished or removed tiomanta ar son seirbhís neamhspleách, inrochtana agus cóir i leith achomhairc leasa shóisialaigh a chur ar fáil ar bhealach pras cúirtéiseach.
Cé muid féin
Feidhmíonn an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Tá ceart achomhairc, atá leagtha amach faoin dlí, ag daoine atá míshásta le cinntí a dhéanann Oifigigh Cinnidh nó Daoine Ainmnithe ar theidlíochtaí leasa shóisialaigh agus ar cheisteanna a bhaineann le hinárachas fostaíochta. Déanann Oifigigh Achomharc cinntí ar achomhairc a dhéantar agus bíonn siad neamhspleách i bhfeidhmiú a gcuid dualgas.
Ár dtiomantas do chustaiméirí
Tá sé mar aidhm againn seirbhís den scoth a sholáthar a shásaíonn riachtanais agus ionchais na gcustaiméirí. Chuige sin, déanaimid na gealltanais seo a leanas.
Rochtain ar ár seirbhísí
Caithfimid lenár gcustaiméirí go léir ar bhealach cothrom, cóir agus cúirtéiseach.
Cinnteoimid go mbeidh ár bpríomhoifig agus na háiteanna a úsáidtear le haghaidh éisteachtaí béil inrochtana do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, nuair is féidir.
Glacfaimid le gach custaiméir a thagann chuig ár bpríomhoifig agus chuig na hionaid a úsáidtear le haghaidh éisteachtaí béil ar bhealach cúirtéiseach agus díreoimid iad chuig a gceann scríbe chomh tapa agus is féidir.
Ní cheadóimid tionchar a bheith ag aois, cine, bunús eitneach, gnéaschlaonadh, creidimh ná míchumas ar an gcaoi a gcaitear le custaiméirí.
Beidh meas againn ar riachtanais phríobháideachais na gcustaiméirí nuair a thagann siad chuig ár n-oifig.
Déanfaimid iarracht a chinntiú gur féidir le custaiméirí a ngnóthaí a dhéanamh i dteanga eile seachas Béarla más mian leo.
D’achomharc
Is Oifigeach Achomhairc a cheapfaidh an tAire chun achomhairc a chinneadh go neamhspleách a réiteoidh d’achomharc.
Sa chás go gcinneann Oifigeach Achomhairc éisteacht béil a chur ar siúl maidir le do chás, déanfaimid iarracht fógra 10 lá roimh ré a thabhairt duit faoin éisteacht.
Cuirfimid in iúl duit na cúiseanna atá leis an gcinneadh ar d’achomharc.
Eolas a chur ar fáil duit
Cuirfimid eolas mionsonraithe, soiléir agus cruinn ar fáil duit faoin tseirbhís a chuirimid ar fáil.
Cinnteoimid go mbeidh ár bhfoirmeacha agus ár mbileoga eolais sothuigthe agus cothrom le dáta.
Déanfaimid iarracht do ghlao gutháin a fhreagairt chomh tapa agus is féidir.
Glaofaimid ar ais ort más é sin atá uait.
Cuirfimid muid féin in aithne do ghlaoiteoirí.
Nuair a dhéanann tú teagmháil linn trí ríomhphost, déanfaimid do chomhfhreagras a admháil.
Ráitis agus gearáin
Tabharfaimid freagra ar ghearáin taobh istigh de 15 lá oibre.
Cinnteoimid nach mbeidh aon tionchar ag do ghearán ar an gcaoi a gcaithfimid leat amach anseo.
Céard is féidir leat a dhéanamh le cabhrú linn
Nuair a bhíonn achomharc á dhéanamh agat, cinntigh go gcuireann tú an t-eolas seo a leanas ar fáil dúinn:
- d’ainm
- do sheoladh iomlán
- d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
- an cinneadh a bhfuil tú ag déanamh achomhairc ina choinne
- an bunús atá le d’achomharc
Ceangail na doiciméid go léir is mian leat a bheith san áireamh le d’fhoirm achomhairc.
Bíodh uimhir thagartha d’achomhairc agus d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) in aice láimhe agat nuair a bhíonn tú ag tabhairt cuairte orainn nó ag dul i dteagmháil linn.
Inis dúinn má tá tú ag iarraidh d’achomharc a tharraingt siar.
Cuir in iúl dúinn má tá tú le bheith déanach nó mura mbeidh tú in ann freastal ar an éisteacht béil a socraíodh duit.
Inis dúinn an seoladh nua atá agat, sa chás gur athraigh tú é.
Abair linn má bhíonn tú míshásta leis an tseirbhís a chuireamar ar fáil duit, nó má tá moladh ar bith agat i leith feabhsú a dhéanamh ar an tseirbhís.
Abair linn má tá tú ag iarraidh go mbeadh duine leat a d’fhéadfadh cabhrú leat ag an éisteacht má tá fadhb agat cumarsáid a dhéanamh leis an Oifig Achomhairc mar gheall ar dheacrachtaí teanga.
An áit ar féidir leat eolas breise a fháil
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le:
Social Welfare Appeals Office
- Seoladh:
- Social Welfare Appeals Office, D'Olier House, D'Olier Street, Dublin, D02 XY31
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 747434;
01 6732800