Faoi Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh
- Foilsithe: 20 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 7 Feabhra 2025
- Cur Síos agus Feidhmeanna
- Ráiteas Misin
- Eagrúchán
- Cairt Custaiméirí
- Treoir maidir le Saoráil Faisnéise (SF)
- Cosaint Sonraí
- Soláthar
- Eolas maidir le Cúrsaí Airgeadais
- Déan teagmháil linn
Cur Síos agus Feidhmeanna
Bunaíodh Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh chun seirbhís achomharc neamhspleách a sholáthar. Tá an Oifig ann do dhaoine atá míshásta le cinntí a rinne Oifigigh Cinnidh nó Daoine Ainmnithe ar cheisteanna a bhaineann le teidlíocht ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus inárachas fostaíochta.
Tá an dlí maidir le hachomhairc leasa shóisialaigh leagtha amach i gCuid 10 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 agus sna Rialacháin arna ndéanamh faoin Acht sin. Leagann sé seo amach na scéimeanna ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith agus cad a dhéanann an Príomhoifigeach Achomhairc, na Leas-Phríomhoifigigh Achomhairc agus na hOifigigh Achomhairc.
Ráiteas Misin
Is é misean Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh ná seirbhís achomharc neamhspleách, inrochtana agus cothrom a sholáthar maidir le teidlíocht ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus an tseirbhís sin a sheachadadh ar bhealach pras agus cúirtéiseach.
Eagrúchán
Tá an Príomhoifigeach Achomhairc i gceannas ar an Oifig agus tá freagracht iomlán orthu as riar na seirbhíse achomharc. Tá beirt Leas-Phríomhoifigeach Achomhairc ann. .
Is é an tAire Coimirce Sóisialaí a cheapann an Príomhoifigeach Achomhairc, na Leas-Phríomhoifigigh Achomhairc agus na hOifigigh Achomhairc.
Cairt Custaiméirí
Tá Item was unpublished or removed tiomanta seirbhís achomharc leasa shóisialaigh a chur ar fáil, atá neamhspleách, inrochtana agus cóir, chomh maith leis an méid sin a dhéanamh go pras agus go cúirtéiseach.
Cé muid féin
Feidhmíonn Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Tá ceart achomhairc leagtha amach faoin dlí ag daoine atá míshásta le cinntí a dhéanann Oifigigh Cinnidh nó le cinntí a dhéanann Daoine Ainmnithe ar theidlíochtaí leasa shóisialaigh agus ar cheisteanna a bhaineann le hinárachas fostaíochta. Déanann Oifigigh Achomhairc cinntí ar achomhairc a dhéantar agus bíonn siad neamhspleách i bhfeidhmiú a gcuid dualgas.
Ár dtiomantas do chustaiméirí
Tá sé mar aidhm againn seirbhís den scoth a sholáthar a shásaíonn riachtanais agus ionchais na gcustaiméirí. Chuige sin, déanaimid na gealltanais seo a leanas.
Rochtain ar ár seirbhísí
Caithfimid lenár gcustaiméirí go léir ar bhealach cothrom, cóir agus cúirtéiseach.
Cinnteoimid go mbeidh ár bpríomhoifig agus na háiteanna a úsáidtear le haghaidh éisteachtaí ó bhéal inrochtana do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, nuair is féidir.
Glacfaimid le gach custaiméir a thagann chuig ár bpríomhoifig agus chuig na hionaid a úsáidtear le haghaidh éisteachtaí ó bhéal ar bhealach cúirtéiseach agus díreoimid iad chuig a gceann scríbe chomh tapa agus is féidir.
Ní cheadóimid tionchar a bheith ag aois, cine, bunús eitneach, claonadh gnéasach, creidimh nó míchumas ar an gcaoi a gcaitear leo.
Beidh meas againn ar riachtanais phríobháideachais na gcustaiméirí nuair a thagann siad chuig ár n-oifig.
Déanfaimid iarracht a chinntiú gur féidir le custaiméirí a ngnó a dhéanamh i dteanga eile seachas Béarla más mian leo.
D’achomharc
Is Oifigeach Achomhairc a cheapfaidh an tAire chun achomhairc a chinneadh go neamhspleách a réiteoidh d’achomharc.
Sa chás go gcinneann Oifigeach Achomhairc ar éisteacht bhéil a chur ar siúl maidir le do chás, déanfaimid iarracht fógra 10 lá roimh ré a thabhairt duit faoin éisteacht.
Cuirfimid in iúl duit na cúiseanna atá leis an gcinneadh ar d’achomharc.
Eolas a chur ar fáil duit
Cuirfimid eolas mionsonraithe, soiléir agus cruinn ar fáil duit faoin tseirbhís a chuirimid ar fáil.
Cinnteoimid go mbeidh ár bhfoirmeacha agus ár mbileoga eolais éasca le tuiscint agus cothrom le dáta.
Déanfaimid iarracht do ghlao gutháin a fhreagairt chomh tapa agus is féidir.
Glaofaimid ar ais ort más é sin atá uait.
Cuirfimid muid féin in aithne do ghlaoiteoirí.
Nuair a dhéanann tú teagmháil linn trí ríomhphost, déanfaimid do chomhfhreagras a admháil.
Ráitis agus gearáin
Tabharfaimid freagra ar ghearáin taobh istigh de 15 lá oibre.
Cinnteoimid nach mbeidh aon tionchar ag do ghearán ar an gcaoi a gcaithfimid leat amach anseo.
Céard is féidir leat a dhéanamh le cabhrú linn
Nuair a bhíonn achomharc á dhéanamh agat, cinntigh go gcuireann tú an t-eolas seo a leanas ar fáil dúinn le do thoil:
- d’ainm
- do sheoladh iomlán
- d’uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
- an cinneadh a bhfuil tú ag déanamh achomhairc ina choinne
- an bunús atá le d’achomharc
Ceangail na doiciméid go léir is mian leat a bheith san áireamh le d’fhoirm achomhairc.
Bíodh uimhir thagartha d’achomhairc agus d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) in aice láimhe agat nuair a bhíonn tú ag tabhairt cuairte orainn nó ag dul i dteagmháil linn.
Inis dúinn má tá tú ag iarraidh d’achomharc a tharraingt siar.
Cuir in iúl dúinn má tá tú le bheith déanach nó mura mbeidh tú in ann freastal ar an éisteacht ó bhéal a socraíodh duit.
Abair linn cén seoladh nua atá agat, sa chás gur athraigh tú é.
Inis dúinn má bhíonn tú míshásta leis an tseirbhís a chuirimid ar fáil duit, nó má tá moladh ar bith agat i leith feabhsú a dhéanamh ar an tseirbhís.
Inis dúinn má tá tú ag iarraidh go mbeadh duine leat a d’fhéadfadh cabhrú leat ag an éisteacht má tá fadhb agat maidir le cumarsáid a dhéanamh leis an Oifig Achomhairc mar gheall ar dheacrachtaí teanga.
Treoir maidir le Saoráil Faisnéise (SF)
Cosaint Sonraí
Is chun críocha achomharc a phróiseáil amháin a choinnítear sonraí in Item was unpublished or removed. Nuair a dhúntar achomharc cuirtear na páipéir achomhairc ar ais chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).
Soláthar
Is tríd anRoinn Coimirce Sóisialaí a dhéanannItem was unpublished or removed
Eolas maidir le Cúrsaí Airgeadais
FaigheannItem was unpublished or removed buiséad tarmligthe ónItem was unpublished or removed
Lean an nasc seo chun faisnéis airgeadais a fháil faoin Roinn Coimirce Sóisialaí.
Déan teagmháil linn
Social Welfare Appeals Office
- Seoladh:
- Social Welfare Appeals Office, D'Olier House, D'Olier Street, Dublin, D02 XY31
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 747434;
01 6732800