Saoráil Faisnéise (SF)
- Foilsithe: 1 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Rochtain ar Fhaisnéis faoin Acht
- Iarratas a Dhéanamh
- Cá háit ar cheart iarratas a chur isteach
- Táillí
- Faisnéis Tríú Páirtí
- Athbhreithniú Inmheánach
- Achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Rochtain ar Fhaisnéis faoin Acht
Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise (SF) go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán 1998 i leith:
- an ceart rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá á gcoimeád ag ranna rialtais nó comhlachtaí poiblí eile
- an ceart chun faisnéis phearsanta atá á gcoimeád maidir leis an duine a cheartú nó a nuashonrú nuair is faisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach an fhaisnéis sin
- an ceart chuig cúiseanna i leith cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu féin
Ciallaíonn na cearta seo gur féidir le daoine rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a choinnítear orthu is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis, agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis 21 Aibreán 1998. Tá rochtain ar fhaisnéis faoin Acht faoi réir díolúintí áirithe agus baineann nósanna imeachta sonracha agus teorainneacha ama leis.
Iarratas a Dhéanamh
Ba cheart iarratais a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart a lua iontu go bhfuil na taifid á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Tabhair an oiread sonraí agus is féidir, le do thoil. Ligeann sé seo d'fhoireann na hOifige Achomhairc Leasa Shóisialaigh na taifid atá á lorg a aithint. Má bhíonn deacracht agat na taifid chruinne a theastaíonn uait a aithint, beidh foireann na hOifige Achomharc Leasa Shóisialaigh sásta cabhair a thabhairt duit chun d’iarratas a ullmhú.
Cá háit ar cheart iarratas a chur isteach
Iarratas Pearsanta ar fhaisnéis ar d'achomha(i)rc
Ba cheart iarratais ar thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig:
Freedom of Information (FOI) Officer
- Seoladh:
- Social Welfare Appeals Office, D'Olier House, D'Olier Street, Dublin, DO2 XY31
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
1890 74 74 34
Táillí
Níl aon táillí i gceist nuair a bhaineann d’iarratas le rochtain ar do thaifid phearsanta, ach amháin má tá líon suntasach taifead a thagann faoi raon feidhme d’iarrata.
Níl feidhm ag táille roimh ré maidir le hIarratais Neamhphearsanta nó Measctha ón 14 Deireadh Fómhair 2014 i leith.
Táillí Cuardaigh agus Aisghabhála/Fótachóipeála
Féadfar táillí a ghearradh as an am a chaitear ar thaifid a aimsiú agus a chóipeáil, bunaithe ar ráta caighdeánach in aghaidh na huaire de €20.95 le haghaidh cuardaigh agus ar aisghabhála, agus €0.04 ar chóipeáil in aghaidh an leathanaigh. Tá an chéad 5 uair an chloig (€100) cuardaigh agus aisghabhála saor in aisce. Nuair a sháraíonn an táille €101, beidh táillí i gceist.
Tá teorainn €500 (thart ar 25 uair an chloig) ar mhéid na dtáillí cuardaigh agus aisghabhála agus cóipeála is féidir a ghearradh i.e. gearrtar €500 ar iarratas um SF a chosnaíonn €650. Tá uasteorainn bhreise ar tháillí cuardaigh agus aisghabhála agus cóipeála measta ag €700 (35 uair an chloig). Thairis sin, is féidir le comhlacht um Shaoráil Faisnéise diúltú don iarratas a phróiseáil, ach amháin má tá tú sásta an t-iarratas a bheachtú chun na táillí cuardaigh agus aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoi bhun na teorann.
Tá éarlais iníoctha i gcás gur dócha go mbeidh an táille iomlán do chuardach agus d’aisghabháil níos mó ná €101. Sna cúinsí seo, cuirfear ar an eolas thú.
Faisnéis Tríú Páirtí
Leagtar amach san Acht sraith díolúintí chun eolas íogair a chosaint sa chás ina bhféadfaí dochar a dhéanamh do phríomhleasanna an Stáit nó tríú páirtithe dá scaoilfí é. I gcás ina n-úsáidtear na forálacha seo chun faisnéis a choinneáil siar, féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Féadfaidh cinntí a bhaineann le rochtain a iarchur, táillí, cineálacha rochtana, etc. a bheith ina n-ábhar achomhairc freisin.
Athbhreithniú Inmheánach
Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh tosaigh, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg a dhéanfaidh oifigeach ag leibhéal níos airde san Oifig seo. Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg freisin mura bhfuil freagra faighte agat laistigh de 4 seachtaine ó d’iarratas tosaigh.
Ní mór iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach laistigh de 4 seachtaine ón gcinneadh tosaigh (nó ón dáta a raibh an cinneadh dlite i gcás nach bhfuarthas freagra). Ní mór athbhreithniú a bheith críochnaithe laistigh de 3 seachtaine.
Níl aon táille roimh ré ar iarratas ar athbhreithniú maidir le taifid phearsanta. Mar sin féin, ní mór táille €30 a chur le formhór na n-iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh i ndáil le taifid neamhphearsanta. Beidh laghdú táille €10 i bhfeidhm má tá tú clúdaithe ag cárta leighis. Níl aon táille iníoctha do chásanna ina bhfuil athbhreithniú á lorg mar gheall ar neamhfhreagra ar an iarratas tosaigh.
Ba chóir iarratais ar Athbhreithniú Inmheánach a sheoladh chuig:
FOI Internal Reviewer
- Seoladh:
- Social Welfare Appeals Office, D'Olier House, D'Olier Street, Dublin, DO2 XY31
- Ríomhphost:
Achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Tar éis an t-athbhreithniú inmheánach a chríochnú, mura bhfuil tú sásta, féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a lorg ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Ina theannta sin, mura bhfuil freagra faighte agat ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh de 3 seachtaine, meastar gur diúltú é seo agus is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Choimisinéara Faisnéise agus ní féidir achomharc a dhéanamh ach amháin chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí.
Ba cheart achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn chuig an seoladh seo a leanas:
Office of the Information Commissioner
- Seoladh:
- 6 Earlsfort Terrace, Dublin 2, D02 W773
Níl aon táille roimh ré ar iarratas ar achomharc maidir le taifid phearsanta. Ní mór táille €50 a chur le formhór na n-iarratas ar athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise maidir le taifid neamhphearsanta, áfach. Beidh laghdú táille €15 i bhfeidhm má tá tú clúdaithe ag cárta leighis. Níl aon táille iníoctha do chásanna ina bhfuil achomharc á lorg mar gheall ar neamhfhreagra ar an iarratas ar athbhreithniú inmheánach.