Conas cinneadh faoi d’éileamh leasa shóisialaigh a achomharc
- Foilsithe: 20 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2025
- Conas a dhéantar achomharc
- Cad ba cheart duit a chur san áireamh i d’achomharc
- Spriocdháta chun achomharc a dhéanamh
- Liosta scéimeanna ar féidir leat achomharc a dhéanamh ina leith
- Liosta Scéimeanna nach féidir leat achomharc a dhéanamh ina leith
Conas achomharc a dhéanamh in aghaidh chinnidh faoi d’éileamh leasa shóisialaigh
Oifig de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí is ea Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh atá freagrach as achomhairc a dhéantar i gcoinne cinntí maidir le teidlíochtaí leasa shóisialaigh. Tá sé mar aidhm aige seirbhís achomharc neamhspleách, inrochtana agus cothrom a sholáthar maidir le teidlíocht ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus an tseirbhís sin a sheachadadh ar bhealach pras agus cúirtéiseach.
Tá na hOifigigh Achomhairc neamhspleách maidir lena bhfeidhmeanna cinnteoireachta.
Conas a dhéantar achomharc
Má chuir tú iarratas isteach ar aon cheann de na scéimeanna ar an liosta seo, agus má fuair tú cinneadh ón Roinn Coimirce Sóisialaí a cheapann tú a bheith mícheart, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.
Is ar líne an bealach is éasca agus is tapúla chun d’achomharc a dhéanamh ar Déan Achomharc ar MoLeas nuair atá cuntas MyGovID fíoraithe agat.
Má tá litir chinnidh faighte agat ón roinn a thugann ceart achomhairc duit, ach nach rogha atá ar fáil duit ar MyWelfare, íoslódáil foirm achomhairc (thíos) ar a dtugtar foirm SWAO1 le do thoil.
Cliceáil “form print to postáil” agus postáil chuig::
An Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh, Teach D’Olier, Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath , D02 XY31.
Déan teagmháil linn má theastaíonn leagan eile den fhoirm seo uait.
Uimhir Ghutháin: 0818 747434 / 01 6732800
Tabhair faoi deara:
Glacfar le hachomharc ar fhoirm SWAO1 amháin.
Ní féidir leat achomharc a dhéanamh ar na scéimeanna ar an liosta seo.
Cad ba cheart duit a chur san áireamh i d’achomharc
Ba chóir duit d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a lua agus an méid seo a leanas a chur faoi iamh:
- cóip den chinneadh a bhfuair tú ón réimse scéime a bhfuil achomharc á dhéanamh agat ina leith
- na cúiseanna a cheapann tú go bhfuil cinneadh na Roinne mícheart
- aon fhianaise ábhartha a cheapann tú a thacaíonn le d’achomharc
Tábhachtach: Más mian leat aon eolais nó cóipeanna de dhoiciméid a bhí in úsáid ag an Roinn chun teacht ar an gcinneadh, déan teagmháil leis an réimse scéime ] ábhartha [external-link https://www.gov.ie/ga/bailiuchan/03be9-sceimeanna-agus-seirbhisi/? |den Roinn Coimirce Sóisialaí.
Spriocdháta chun achomharc a dhéanamh
Ní mór achomhairc a chur isteach laistigh de 21 lá ó dháta na litreach ina dtugtar an cinneadh ar mian leat achomharc a dhéanamh ina leith. Féadfar glacadh le hachomharc a dhéanfar tar éis na tréimhse sin le ceadú ó Phríomh-Oifigeach na nAchomharc.
Tabharfaidh Príomh-Oifigeach na nAchomharc aird ar na cúiseanna agus na fáthanna atá leis an moill, chomh maith leis an bhfad ama atá imithe ó cuireadh cinneadh an Oifigigh Bhreithiúnachta/an Duine Ainmnithe in iúl agus an fógra achomhairc.
Tabhair faoi deara, má tá athbhreithniú ar leithligh á iarraidh agat ar an gcinneadh leis an réimse scéime go díreach , ní chaithfidh tú fanacht ar thoradh an athbhreithnithe chun achomharc a dhéanamh toisc gur iarrataí éagsúla iad.
Liosta scéimeanna ar féidir leat achomharc a dhéanamh ina leith
Má chuir tú iarratas isteach ar aon cheann de na scéimeanna ar an liosta thíos, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.
Pinsin
- Sochar Báis
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-ranníocach)
Tacaí Ioncaim & Fostaíochta Do Dhaoine In Aois Oibre
- Sochar Uchtaíoch
- Íocaíocht Sochair do Dhaoine atá 65 Bliana d’Aois
- Liúntas Banchéile Thréigthe
- Sochar Banchéile Thréigthe
- Cúnamh Feirme
- Cúramaithe Baile
- Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe
- Íocaíocht Idirthréimhseach do Chuardaitheoirí Poist
- Liúntas Cuardaitheora Poist
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Sochar Máithreachais
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (le haghaidh cinntí ón 05/08/20 ar aghaidh)
- Sochar do Thuismitheoirí
- Sochar Cumais Pháirtigh
- Sochar Atharthachta
- Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (Forlíonadh Cíosa san áireamh)
- Sochair Cóireála
Breoiteacht, Míchumas agus Cúramóirí
- Pinsean na nDall
- Deontas Tacaíochta Cúramóra
- Liúntas Cúramóra
- Sochar Cúramóra
- Liúntas Míchumais
- Sochar Míthreorach
- Liúntas Cúraim Baile
- Sochar Breoiteachta
- Sochar Breoiteachta Feabhsaithe le haghaidh COVID 19
- Forlíonadh Éagumais
- Sochar Díobhála
- Pinsean Easláine
- Cúram Leighis
Leanaí
- An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair
- Sochar Linbh
- Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
- Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-ranníocach)
- Deontas do Thuismitheoir ar Baintreach (Fir) é/í
- Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht
Eile
- An Aicme Árachais Sóisialach Pá-Choibhneasa atá Iníoctha
- Teidlíocht chun bheith i do Ranníocóir Deonach
- Inárachas Fostaíochta (Féinfhostaíocht san áireamh)
- Gaolta faoi Dhliteanas
- Sochair & Cúnamh In-aisghabhála
Liosta Scéimeanna nach féidir leat achomharc a dhéanamh ina leith
- Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
- Scéimeanna um Fhilleadh ar an Obair
- Creidmheasanna (Dámhachtain)
- Scéim Saorthaistil
- Sochair Teaghlaigh
- Liúntas Breosla
- Buiséadú Teaghlaigh
- Ró-íocaíocht (aisghabháil faoin gCód Cleachtais)
- Dreasacht Poist Pháirtaimseartha
- Aisíocaíochtaí ÁSPC
- Béilí Scoile
- Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas
- Seirbhísí Leasa Pobail
- SDOG (An Roinn Oideachais)
- Liúntas Leasa Forlíontach agus Íocaíochtaí i leith Riachtanais Eisceachtúla agus Práinneacha.
Tabhair faoi deara
Tabhair faoi deara: Cé gur féidir achomharc a dhéanamh ar Liúntas Leasa Forlíontach lena n-áirítear Forlíonadh Cíosa, ní féidir achomharc a dhéanamh ar aon íocaíochtaí “aonuaire” amhail Íocaíochtaí Riachtanais Eisceachtúla agus Práinneacha, Liúntais Chomhchineáil nó aon íocaíocht “aonuaire” eile. Más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar aon chinneadh, ba chóir duit athbhreithniú a iarraidh ó “Oifigeach Athbhreithnithe” de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí.