OPW – Tuarascálacha Bliantúla ar Nochtuithe Cosanta
- Foilsithe: 18 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 12 Feabhra 2025
Faoi Alt 22 den Protected Disclosures Act, 2014 leagtar de dhualgas ar gach eagras poiblí, Oifig na nOibreacha Poiblí san áireamh, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú, tráth nach déanaí ná 30 Meitheamh gach bliain, ar nochtuithe cosanta le linn na bliana díreach roimhe sin.
Sna tuarascálacha seo leagtar amach an t-eolas seo a leanas:
• an líon nochtuithe cosanta a rinneadh chuig OPW
• an beart (más ann dó) a rinneadh mar fhreagra ar na nochtuithe cosanta sin
• eolas ar bith eile maidir leis na nochtuithe cosanta sin agus an beart a rinneadh de réir mar a iarrfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ó am go ham