Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Crios Oidhreachta

Céim isteach san Am atá Thart – Go Fíorúil!


Fáilte go dtí Crios VR ag Seastán Treabhdóireachta Oifig na nOibreacha Poiblí

Faigh blaiseadh ar oidhreacht shaibhir na hÉireann – díreach anseo ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta! Tugann Oifig na nOibreacha Poiblí cuireadh duit dul isteach inár gCrios Réaltachta Fíorúla, áit a dtagann an stair chun beatha trí theicneolaíocht thumthach cheannródaíoch.

🎥 Gan scuaine. Ní gá a bheith buartha faoin aimsir. Mar a bheadh draíocht ann.

A bhuí lenár gcomhpháirtíocht le My360Town, tá cuid de na Láithreáin Oidhreachta is clúití in Éirinn atá á mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí tagtha chun beatha le heispéireas idirghníomhach 360°. Cuir fearas cinn VR ort agus faigh taithí ar shuíomhanna áille cosúil le:

  • Carraig Phádraig
  • Caisleán Chill Chainnigh
  • Láthair Mhainistreach Ghleann Dá Loch
  • Agus tuilleadh!

🕶 Fiosraigh ar do luas féin — téigh trí hallaí ársa, bain lán na súl as ailtireacht álainn, agus nocht scéalta ceilte ó na céadta bliain anuas. Ní turas amháin é seo, is eachtra amthaistil é a chuireann i gcroílár na sainchomharthaí tíre is luachmhaire in Éirinn thú.

Cén Fáth Cuairt a thabhairt ar an gCrios VR?

✅ Taiscéalaíocht thumthach - Déan do bhealach trí Láithreáin Oidhreachta na hÉireann trí thurais fhíorúla ardghléine amhail is go bhfuil tú i do sheasamh ansin.

Pointí Teagmhála Idirghníomhacha - Foghlaim fíricí spéisiúla trí chliceáil ar phríomhphointí spéise le linn an eispéiris.

Pleanáil do Chuairt ón bhFíorshaol - Faigh inspioráid agus eolas - cuidíonn na turais fhíorúla seo leat do chuairteanna amach anseo a phleanáil le léargas agus muinín.

Spraoi do Chách - Bíodh sé go bhfuil dúspéis agat sa stair, gur leantóir teicneolaíochta thú, nó go bhfuil tú fiosrach, tá rud éigin ann don uile dhuine.

Faoi Anáil na Nuálaíochta

Táimid bródúil a bheith ag obair le My360Town, ceannairí i dteicneolaíocht thumthach turasóireachta, chun an chéad eispéireas VR Oidhreachta seo de chuid OPW a chur os do chomhair ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Cuireann a léarscáileanna idirghníomhacha agus a dteicneolaíocht fearas cinn ar ár gcumas ár seoda náisiúnta a thaispeáint ar bhealach iomlán nua — ar bharra do mhéar agat (agus i do shúile!).

📍 Aimsigh muid ag Seastán OPW i Sráidbhaile Rialtas na hÉireann

🗓 I rith an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta

🎧 Saor in aisce chun eispéireas a fháil – buail isteach!

Faigh léargas ar an am atá thart — trí theicneolaíocht thodhchaíoch.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat