English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Athbhreithniú ar an Réamh-Mheasúnú ar an Riosca i gcás Tuilte (PFRA)

  • Ó: Oifig Na nOibreacha Poiblí­

  • Foilsithe: 27 Márta 2025
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 28 Márta 2025
  • Dúnadh na haighneachtaí: 25 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Consultation is open

Comhairliúchán neamhreachtúil ar an Athbhreithniú ar an PFRA


Cur síos gearr

Ba é cuspóir an Réamh-Mheasúnaithe Náisiúnta ar an Riosca i gcás Tuilte (PFRA) a bhí ina cheanglas de chuid Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le ‘Tuilte’, limistéir a shainaithint ina bhféadfadh na rioscaí a bhaineann le tuilte a bheith suntasach. Is sna limistéir seo, dá ngairtear Limistéir ina bhféadfadh an Riosca i gcás Tuilte a bheith Suntasach (APSFRanna), nach mór léarscáileanna mionsonraithe tuilte a ullmhú agus bearta a cheapadh chun an riosca seo a bhainistiú agus a laghdú nuair is féidir. Críochnaíodh an réamh-mheasúnú in 2012 tar éis comhairliúchán poiblí. Díríodh sa Chlár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) ar na limistéir a aithníodh sa PFRA.

Déantar an PFRA a athbhreithniú, agus a nuashonrú, más gá, ar bhonn timthriallach. Críochnaíodh an chéad athbhreithniú ar an PFRA (faoin 2ú timthriall de chur i bhfeidhm na Treorach ‘Tuilte’) in 2019. Tá an dara athbhreithniú ar an PFRA (faoin 3ú timthriall forfheidhmithe) déanta anois.

Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Náisiúnta um Threoir ‘Tuilte’ a chinn an raon feidhme agus an cur chuige a ghlacfaí i leith athbhreithniú agus nuashonrú, dá mba ghá, an PFRA agus na APSFRanna le haghaidh an 3ú timthriall de chur i bhfeidhm na Treorach ‘Tuilte', faoi fhorbhreathnú Ghrúpa Comhordaithe Idir-rannach an Bheartais Tuilte.

Is éard a bhí i gceist leis an athbhreithniú measúnú réamhaithriseach nuashonraithe, ina n-úsáidtear na léarscáileanna táscacha náisiúnta tuilte atá ar fáil anois, chomh maith le hathbhreithniú ar thuilte san am a chuaigh thart agus comhairliúchán le húdaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. Sula dtabharfar an tAthbhreithniú ar an PFRA chun críche, rachaidh Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhairle leis an bpobal maidir leis an PFRA agus na torthaí molta.

Tá an Dréacht-Tuarascáil le haghaidh Comhairliúcháin ar an Athbhreithniú ar an PFRA ar fáil anseo.


Conas aighneacht a chur isteach

Geallaimid caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí ar shlí shoiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a chur isteach chuig an gcomhairliúchán seo.

Glacfar le haighneachtaí idir 28 Márta agus 25 Aibreán 2025, suas go dtí a 5 tráthnóna. Ní ghlacfar le haighneachtaí lasmuigh den tréimhse chomhairliúcháin seo.

Féadfar aighneachtaí a sheoladh chuig PFRAreview@opw.ie nó leis an bpost chuig:

Oifig na nOibreacha Poiblí

Comhairliúchán Poiblí,

Athbhreithniú ar an Réamh-Mheasúnú ar an Riosca i gcás Tuilte (PFRA)

1GQ,

Cé Sheoirse,

Baile Átha Cliath 2,

D02 R274.


Faisnéis faoi Aighneachtaí a fuarthas

Geallaimid caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí ar shlí shoiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a chur isteach chuig an gcomhairliúchán seo. Ní sholáthrófar freagraí aonair ar aighneachtaí, ach breithneofar gach aighneacht agus aiseolas sula ndéanfar cinntí deiridh.

Tabhair faoi deara go mbeidh freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhféadfaimis ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Folófar sonraí pearsanta roimh fhoilsiú. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe é a chur in iúl go soiléir i gcás ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ár Item was unpublished or removed mínítear conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Mínítear ann leis do chearta i dtaca le bailiú eolais pearsanta agus an tslí ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.