Maidir le hOifig na nOibreacha Poiblí
- Foilsithe: 14 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2025
Réamhrá
Oifig rialtais is ea Oifig na nOibreacha Poiblí a chuireann seirbhísí poiblí ar fáil le haghaidh na cosanta ar thuilte, chun réadmhaoin an rialtais a bhainistiú, agus chun seirbhísí oidhreachta a sholáthar.
Is í Oifig na nOibreacha Poiblí an ghníomhaireacht atá i gceannas ar an mbainistíocht riosca tuilte in Éirinn, agus laghdaíonn an Oifig tionchar na dtuilte an oiread agus is féidir tríd an bpleanáil inbhuanaithe. Cuid bhunúsach dá sainchúram is ea na suíomhanna oidhreachta is cáiliúla in Éirinn a chothabháil agus a chur i láthair. Ina measc siúd, tá an dá Láithreán Oidhreachta Domhanda atá againn in Éirinn, mar aon le 780 Séadchomhartha Náisiúnta agus breis is 2,000 acra de ghairdíní agus d’fhearann páirce. Déanann an Oifig bainistiú freisin ar chuid mhór de phunann réadmhaoine an Stáit agus cuireann cóiríocht ar fáil do ranna rialtais, breis is 700 réadmhaoin don Gharda Síochána agus thart ar 550 oifig.
Bunaíodh Oifig na nOibreacha Poiblí in 1831, sular bunaíodh an Stát féin. I mBaile Átha Troim, Co. na Mí, atá ceanncheathrú na hOifige.
An tAire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar a bhfuil freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí agus as Cosaint ar Thuilte a dhéanann maoirseacht ar an Oifig.
Rannóga Oifig na nOibreacha Poiblí
Cúig rannóg atá san Oifig, mar atá:
- Seirbhísí Corparáideacha, Seirbhísí Cliant agus Cumarsáid
- Pleanáil agus Bainistíocht Eastáit
- Seirbhísí Oidhreachta agus Tógála
- An tAiltire Stáit agus Seachadadh Mór-Thionscadal
- Bainistíocht riosca tuilte
Tá sonraí breise ar struchtúr agus ar leibhéil bainistíochta Oifig na nOibreacha Poiblí le fáil ar an leathanach Item was unpublished or removed
Naisc chorparáideacha
- Déan teagmháil linn
- Plean Gníomhaíochta agus Cairt do Chustaiméirí, 2023-2025
- Nós imeachta Oifig na nOibreacha Poiblí chun gearán/achomharc a dhéanamh
- Scéim teanga
- Creat rialachais Oifig na nOibreacha Poiblí
- Plean Gníomhaíochta um Athbhreithniú ar acmhainn eagraíochtúil Oifig na nOibreacha Poiblí
- Athbhreithniú ar acmhainn eagraíochtúil Oifig na nOibreacha Poiblí – Samhain 2023
- Beartas agus treoirlínte maidir le coinbhleacht leasa
- Beartas maidir le siamsaíocht oifigiúil
- Beartas maidir le soláthar
- An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 – Oifigigh phoiblí ainmnithe de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí
- Sonraí oscailte
- Saoráil faisnéise
- Tuarascálacha bliantúla
- Stair Oifig na nOibreacha Poiblí
- Faisnéis airgeadais
- Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí
- Beartas maidir le hinbhuanaitheacht
- Comhaontú na Seirbhíse Poiblí, 2010-2014
- Beartas príobháideachais
- Nochtuithe cosanta
- Dínit san Ionad Oibre
- Ráiteas Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le Cosaint Leanaí