Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Rochtain ar Eolas ar an gComhshaol (REC)


Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 go 2011 (I.R. Uimh. 133 de 2007, I.R. Uimh. 662 de 2011 agus I.R. Uimh. 615 de 2014) (dá dtagraítear Rialacháin maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol anseo feasta), tugtar cearta dlíthiúla do na daoine atá ag iarraidh rochtain a fháil ar eolas faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Faoi na rialacháin seo, ní mór eolas a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh údaráis phoiblí nó thar a cheann a chur ar fáil arna iarraidh, faoi réir eisceachtaí áirithe. Leis na Rialacháin maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol cuirtear oibleagáid freisin ar údaráis phoiblí a bheith réamhghníomhach maidir le heolas faoin gcomhshaol a scaipeadh ar an bpobal.

Leis na Rialacháin maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol soláthraítear sainmhíniú ar eolas faoin gcomhshaol; tugtar breac-chuntas ar an gcaoi a bhféadfar iarrataí ar eolas a chur faoi bhráid na n-údarás poiblí agus ar an gcaoi a gceanglaítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarrataí, mar shampla achair ama le haghaidh freagartha. Leis na rialacháin déantar foráil freisin do nós imeachta achomhairc fhoirmiúil i gcás nach bhfuil duine sásta leis an gcinneadh faoina iarraidh.

Cad é Eolas Comhshaoil?

Sainmhínítear eolas comhshaoil sna Rialacháin maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol mar “aon eolas i bhfoirm scríofa, amhairc, éisteachta, leictreonach nó aon fhoirm ábhartha eile maidir leis na nithe seo a leanas:

  • staid dhúile an chomhshaoil, amhail aer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus láithreáin nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, limistéir chósta agus mhuirí, éagsúlacht bhitheolaíoch agus a comhpháirteanna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht idir na dúile sin
  • tosca, amhail substaintí, fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí, sceitheadh agus scaoileadh eile isteach sa chomhshaol, a dhéanann difear, nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh, do dhúile an chomhshaoil dá dtagraítear i mír ()
  • bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), amhail beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a dhéanann difear, nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh, do na dúile agus do na tosca dá dtagraítear i míreanna (1) agus (2) chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí atá ceaptha chun na dúile sin a chosaint
  • tuarascálacha ar chur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil
  • anailísí costais is tairbhe agus anailísí agus toimhdí eacnamaíocha eile a úsáidtear faoi chuimsiú na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (3)
  • staid shláinte agus shábháilteacht an duine, lena n-áirítear éilliú an bhiashlabhra, i gcás inarb ábhartha, dálaí bheatha an duine, láithreáin chultúrtha agus struchtúir thógtha sa mhéid go ndéanann staid dúile an chomhshaoil dá dtagraítear i mír (1) difear dóibh, nó sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh dóibh, nó, trí na dúile sin, sa mhéid go ndéanann aon cheann de na nithe dá dtagraítear i mír (2) agus i mír (3) difear dóibh

Déantar foráil sna Rialacháin maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol atá i seilbh údaráis phoiblí nó ar son údarás poiblí.

Iarratais

Ba cheart iarratais maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol a dhéanamh chuig:

An tAonad maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol

Seoladh:
Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, An Mhí,, C15 NX36
Ríomhphost:

aie@opw.ie

Agus iarraidh á déanamh ar eolas faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol, ceanglaítear ar iarrthóirí:

  • a lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol agus é a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach
  • a sonraí teagmhála a chur ar fáil
  • a lua, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an t-eolas chomhshaoil is gá, agus sonraigh foirm agus modh na rochtana atá ag teastáil

Táillí

Níl aon táille i gceist le hiarraidh a dhéanamh faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol. Mar sin féin, ceadaíonn na Rialacháin d'údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh as an gcostas a bhaineann leis an eolas comhshaoil a sholáthar.

Tá na táillí seo a leanas socraithe ag OPW:

Taifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil: €20 san uair
Fótachóip: €0.04 an leathanach

Ceanglais maidir le déileáil le hiarrataí

Go ginearálta, ceanglaítear ar údarás poiblí freagra a thabhairt ar iarraidh maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. Más rud é, mar gheall ar chastacht nó ar mhéid na faisnéise a theastaíonn, nach bhfuil údarás poiblí in ann freagra a thabhairt laistigh den achar ama d’aon mhí amháin ceanglaítear orthu scríobh chuig an iarratasóir laistigh den mhí, ag léiriú cathain a eiseofar freagra. Níor cheart an dáta sin a bheith níos faide ná dhá mhí tar éis an iarraidh bhunaidh a fháil.

Mura bhfuil an t-eolas a iarradh ag an údarás poiblí, féadfaidh sé an iarraidh a aistriú chuig údarás poiblí eile nó comhairle a chur ar an iarratasóir maidir leis an áit a gcreideann sé gur cheart an iarraidh a dhíriú. I gceachtar cás, ní mór fógra a thabhairt don iarratasóir.

Scéim Foilsitheoireachta maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol

Le scéim foilsitheoireachta OPW cuirtear eolas ar fáil faoi iarrataí maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol a fhaightear. Is féidir é sin a fheiceáil ar an Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise/Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol agus Eolas Eile.

Cad is féidir liom a dhéanamh má tá mé míshásta le cinneadh ar m’iarraidh?

Má mheasann tú gur diúltaíodh d’iarraidh bhunaidh ar eolas comhshaoil go hiomlán nó go páirteach, nó nár déileáladh léi i gceart ar shlí eile de réir fhorálacha na Rialachán maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol, féadfaidh tú, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an cinneadh a fháil ón roinn, a iarraidh go ndéanfaidh an roinn athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh go páirteach nó go hiomlán. Is é ball foirne sinsearach a dhéanfaidh an t-athbhreithniú.

Ní ghearrfar aon táille as an bpróiseas athbhreithnithe inmheánaigh.

Eiseofar chugat toradh i scríbhinn don athbhreithniú ina gcuirfear an cinneadh agus an chúis atá leis an gcinneadh in iúl duit agus ina gcuirfear in iúl duit go bhfuil sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin, laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an t-iarratas.

Cuidiú le hiarrataí

Má bhíonn aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol ag:

An tAonad maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol

Seoladh:
Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, An Mhí,, C15 NX36
Ríomhphost:

aie@opw.ie

Na Rialacháin Chomhdhlúite maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol 2007 – 2018
Amharc amharc
Treoirlínte maidir le Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol d’Údaráis Phoiblí Bealtaine 2013
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat