Saoráil Faisnéise
- Foilsithe: 18 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 22 Iúil 2025
- Réamhrá
- Táillí
- Conas iarratas SF a dhéanamh
- Scéim Foilsitheoireachta SF
- Cad atá le déanamh má tá tú míshásta le cinneadh ar d’iarratas
Réamhrá
Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014, trí cheart dhlíthiúla dóibh siúd atá ag lorg rochtain ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí atá cumhdaithe ag an Acht:
- an ceart rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998 atá i seilbh ranna rialtais nó comhlachtaí poiblí eile atá faoi réir an Achta
- an ceart go gceartófaí nó go nuashonrófaí sonraí pearsanta ar thaifid oifigiúla sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
- an ceart go dtabharfaí dóibh cúiseanna leis na cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don iarrthóir
Tá na taifid seo a leanas clúdaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise:
- gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta iarrthóirí, is cuma cén uair a cruthaíodh iad
- gach taifead eile a cruthaíodh ó thosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise (21 Aibreán 1998)
- aon taifid atá riachtanach chun taifid reatha a thuiscint, fiú má cruthaíodh roimh an 21 Aibreán 1998 iad
Féadfar aon taifid atá i seilbh na hOifige seo a thagann faoi na catagóirí sin a iarraidh faoin Acht. Mar sin féin, chun go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann a ngnó a dhéanamh i gceart agus chun cearta tríú páirtithe a chosaint, tá taifid áirithe díolmhaithe ó eisiúint faoin Acht.
Cé acu a chuirfear díolúine i bhfeidhm nó nach gcuirfear, braitheann sé sin in go leor cásanna ar cibé acu is fearr a dhéanfaí freastal ar leas an phobail tríd an bhfaisnéis a eisiúint nó a choinneáil.ess
Táillí
Níl aon táille iarratais ann le haghaidh iarrataí. D’fhéadfaí táillí a ghearradh as an am a chaitear ag aisghabháil taifead agus cuirfear na táillí sin in iúl más infheidhme.
Conas iarratas SF a dhéanamh
Ní mór iarratas ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart go léireofaí ann go bhfuil an fhaisnéis á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba cheart go mbeadh an t-iarratas soiléir go leor freisin le go mbeimid in ann na taifid atá á lorg a shainaithint. Mura bhfuil sé soiléir dúinn maidir leis na taifid atá á lorg, déanfaimid teagmháil leat chun soiléiriú a lorg.
Ba cheart iarratais a dhéantar trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Iarratais atá i gceangal leis seo a sheoladh chuig:
Aonad Saorála Faisnéise
Seoladh:
Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, an Mhí, C15 NX36
Ríomhphost:
Le haghaidh fiosrúcháin teileafóin nó cúnaimh maidir le hiarratas a dhéanamh, déan teagmháil le Mary Bagnall ag 046 942 2161.
Scéim Foilsitheoireachta SF
Cuireann Scéim Foilsitheoireachta SF de chuid OPW faisnéis ar fáil maidir le hiarratais SF a fhaightear.
Cad atá le déanamh má tá tú míshásta le cinneadh ar d’iarratas
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh na hOifige seo maidir le hiarratas SF, is féidir leat athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a lorg. Is éard is athbhreithniú inmheánach ann ná athmhachnamh iomlán ar d’iarratas arna dhéanamh ag ball foirne sinsearach san Oifig. Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh i scríbhinn chuig foiunit@opw.ie.
Tá táille iarratais €30 (€10 do shealbhóirí Cárta Leighis) ann chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar iarratais SF. Níl aon táille ann i gcás athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a bhaineann le faisnéis phearsanta iarrthóra ná i gcás cinneadh táillí a ghearradh.
Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinne an t-athbhreithneoir inmheánach, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Seo a leanas a shonraí teagmhála:
Coimisinéir Faisnéise
Seoladh:
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Ríomhphost:
Uimhir fóin:
+353-1-639 5689
Gearrtar táille €50 (€15 do shealbhóirí Cárta Leighis) ar iarratas ar athbhreithniú chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Níl aon táille iarratais ann i gcás athbhreithniú i ndáil le faisnéis phearsanta ná i gcás cinneadh táillí a ghearradh.