English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Seirbhísí Oidhreachta: Bailiúchán Ealaíne Stáit


Tá an OPW freagrach as Bailiúchán Ealaíon an Stáit a bhainistiú ina bhfuil c.16,000 saothar i gceist. Is é atá i gceist leis na saothair seo ná pictiúir stairiúla agus nua-aoiseacha, bunphriontaí, píosaí dealbhóireachta, an mhínealaín agus earraí maisiúla, ceol agus filíocht. Tá an Bailiúchán lonnaithe ar bhfoirgnimh Stáit ar fud na hÉireann.

Tá níos mó ná 90% den Bhailiúchán ar taispeántas buan i bhfoirgnimh phoiblí agus ionaid réadmhaoine oidhreachta agus tá siad lonnaithe i líon mór oifigí Rialtais, Áras an Uachtaráin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Farmleigh, Teach Laighean, Oifigí an Rialtais, stáisiúin Gardaí, na Ceithre Chúirt agus saoráidí Cúirte áirithe eile.


Bailiúchán Ealaíon an Stáit

Déanann an OPW gach iarracht an fheasacht phoiblí agus an rochtain a mhéadú ar ealaín an Stáit trí na taispeántais turasóireachta bhliantúla agus catalóga.

Tá na taispeántais thurasóireachta ar siúl gach bliain ag an OPW ó 1991 i leith agus tá siad déanta suas de chodanna éagsúla de shaothair ealaíne tógtha ó bhailiúchán an Stáit bunaithe ar théamaí ar leith gach bliain e.g. portráidí, priontaí, iarmháistrí etc. Leis an taispeántas cuirtear deis ar fáil do phobal chun breathnú ar shaothair ealaíne, atá i bhfoirgnimh phoiblí de ghnáth.

Thar na blianta, d'fhás an taispeántas isteach go tionscadal cultúrtha Thuaidh / Theas i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Airgeadais agus Pearsanra (DFP) i dTuaisceart Éireann. Tá sé tar éis camchuairt fhairsing a dhéanamh ar fud na tíre chomh maith le camchuairt a thabhairt thar lear. Tá catalóg ina léirítear na saothair ealaíne in éineacht leis an taispeántas agus tá cóipeanna do gach taispeántas ar fáil ón Oifig Bainistíochta Ealaíon.


Íoslódálacha


Físeáin