Fógra Príobháideachais Cosanta Sonraí
- Foilsithe: 19 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2025
- Fúinn féin
- Cineálacha sonraí pearsanta a phróiseáiltear, cuspóirí agus bunús dlí na próiseála agus conas a roinntear sonraí
- Sonraí a aistriú chuig tríú tíortha
- Cá fhad a choinníonn muid sonraí
- Do chearta
- Iarratais Rochtana Ábhair Sonraí
- Iarrataí Rochtana ó Ábhair Sonraí
- Ag freagairt d’iarratais
- Ceart gearán a dhéanamh
- Teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí
- Athruithe ar an bhfógra seo
Fúinn féin
Is oifig rialtais í Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a chuireann seirbhísí poiblí maidir le cosaint tuilte, bainistiú réadmhaoine rialtais agus seirbhísí oidhreachta ar fáil.
Íoslaghdaíonn OOP tionchar tuilte trí phleanáil inbhuanaithe mar an phríomhghníomhaireacht um bhainistiú riosca tuilte in Éirinn. Cuid lárnach dá sainchúram is ea an réadmhaoin oidhreachta is aitheanta in Éirinn a chothabháil agus a léiriú, lena n-áirítear an dá Láithreán Oidhreachta Domhanda in Éirinn, 780 Séadchomhartha Náisiúnta agus os cionn 2,000 acra de ghairdíní agus páirceanna. Ina theannta sin, déanann sé bainistíocht ar chuid shuntasach de phunann réadmhaoine an Stáit agus cuireann sé cóiríocht ar fáil do ranna rialtais, do bhreis is 700 Réadmhaoin an Gharda Síochána agus do thart ar 550 oifig.
Bunaíodh OOP in 1831, roimh bhunú an Stáit féin. Tá a ceanncheathrú lonnaithe i mBaile Átha Troim, Co. na Mí.
Is é an tAire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a dhéanann maoirseacht air, le freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí agus Cosaint Tuilte.
Cineálacha sonraí pearsanta a phróiseáiltear, cuspóirí agus bunús dlí na próiseála agus conas a roinntear sonraí
Nuair a théann tú i mbun comhfhreagrais linn
Próiseálfaimid do shonraí nuair a chuireann tú ar fáil dúinn iad, mar shampla le linn fiosrúcháin, gearáin, iarratais nó aighneachtaí a dhéanamh le linn comhairliúcháin phoiblí.
I measc na gcineálacha sonraí a bhailítear tá: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, uimhir PSP, dáta breithe, grianghraf aitheantais, sonraí bainc, sonraí sláinte.
Is é leas an phobail nó feidhmiú údaráis oifigiúil an bunús dlí chun sonraí a phróiseáil chun na críocha seo.
Seans go mbeidh orainn do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe ábhartha amhail ranna agus gníomhaireachtaí rialtais agus eagraíochtaí de réir mar is gá chun freagra a thabhairt ar do chomhfhreagras nó chun cinneadh a dhéanamh faoi d'iarratas.
Nuair a théann duine éigin i mbun comhfhreagrais linn ar do shon
Déanfaimid do shonraí a phróiseáil nuair a dhéanfaidh duine eile comhfhreagras linn ar do shon, mar shampla i gcás Ionadaíochta Aireachta nó le linn éileamh dlí.
I measc na gcineálacha sonraí a bhailítear tá: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, uimhir PSP, dáta breithe, grianghraf aitheantais, sonraí bainc, sonraí sláinte.
Is é leas an phobail nó feidhmiú údaráis oifigiúil an bunús dlí chun sonraí a phróiseáil chun na críocha seo.
Seans go mbeidh orainn do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe ábhartha amhail ranna agus gníomhaireachtaí rialtais de réir mar is gá chun freagra a thabhairt ar an gcomhfhreagras.
Nuair a chuireann tú iarratas isteach chuig Oifig na nOibreacha Poiblí
Déanfaimid do chuid sonraí a phróiseáil, i gcomhar leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nuair is infheidhme, ón iarratas go dtí céim an cheapacháin chun cúrsaí pá, pinsin agus fostaíochta a phróiseáil.
I measc na gcineálacha sonraí a bhailítear tá: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, uimhir PSP, náisiúntacht, dáta breithe, inscne, grianghraf aitheantais, sonraí bainc, cáilíochtaí acadúla, sonraí sláinte, uimhir seirbhíse.
Is é an bunús dlí chun sonraí a phróiseáil chun na críocha seo ná toiliú le linn chéim an iarratais agus níos déanaí chun conradh a chomhlíonadh.
Seans go mbeidh orainn do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe ábhartha amhail ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile de réir mar is gá chun cúrsaí pá, pinsin agus fostaíochta a phróiseáil.
Nuair a bhaintear úsáid as an réadmhaoin atá againn
Ó am go ham, baintear úsáid as ár réadmhaoin agus/nó ár dtrealamh chun críocha amhail féarach, ligean talún, imeachtaí, socruithe rochtana agus mar áit chónaithe.
I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear tá: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, uimhir thréada, uimhir fóilió réadmhaoine, sonraí árachais, stádas pósta, sonraí bainc.
Is é leas an phobail nó feidhmiú údaráis oifigiúil, chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh nó chun conradh a chomhlíonadh, an bunús dlí chun sonraí a phróiseáil chun na críocha seo, ag brath ar an gcuspóir próiseála.
Mura gcuirtear sonraí ar fáil a theastaíonn chun conradh nó réamhchonradh a chomhlíonadh, seans nach mbeidh sé indéanta an conradh a thabhairt chun críche.
Seans go mbeidh orainn sonraí a roinnt le tríú páirtithe ábhartha, amhail ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile agus eagraíochtaí san earnáil phríobháideach, chun úsáid réadmhaoine a bhainistiú.
Nuair a dhéanann tú nochtadh cosanta dúinn
Má dhéanann tú nochtadh cosanta dúinn, d'fhéadfaí na sonraí a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh faoin Acht um Nochtadh Cosanta (2014).
I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear tá: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, sonraí sláinte.
Is é leas an phobail nó feidhmiú údaráis oifigiúil an bunús dlí chun sonraí a phróiseáil chun na críocha seo.
Seans go mbeidh orainn sonraí a roinnt, de réir fhorálacha Acht 2014, le tríú páirtithe ábhartha amhail ranna, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí rialtais eile agus an Garda Síochána chun imscrúdú a dhéanamh ar an ábhar.
Nuair a dhéanann tú conradh linn nó le linn na céime réamhchonartha chun earraí nó seirbhísí a chur ar fáil
Déanfar do chuid sonraí a phróiseáil le linn na céime réamhchonartha agus le linn an chonartha chun teagmháil a dhéanamh leat, imréiteach slándála a chomhlánú agus íocaíocht a shocrú.
I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear tá: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, uimhir CBL, náisiúntacht, sonraí árachais, sonraí bainc.
Is é an bunús dlí chun do shonraí a phróiseáil ná conradh a chomhlíonadh.
Mura gcuirtear sonraí ar fáil a theastaíonn chun conradh nó réamhchonradh a chomhlíonadh, seans nach mbeidh sé indéanta an conradh a thabhairt chun críche.
Seans go mbeidh orainn sonraí a roinnt le tríú páirtithe ábhartha, amhail ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile chun an conradh a bhainistiú, chun bearta cuntasachta poiblí agus chun a chinntiú go gcomhlíontar aon oibleagáidí reachtúla a bhaineann leis an gconradh.
Nuair a fhreastalaíonn tú ar imeachtaí faoi leith
D'fhéadfaí do chuid sonraí a phróiseáil le linn imeachtaí áirithe a eagraíonn muid féin agus eagraíochtaí eile. Mar eagraithe imeachtaí, i gcomhthéacs ár ngníomhaíochtaí caidrimh phoiblí nó ár ngníomhaíochtaí institiúideacha, d'fhéadfaimis sonraí pearsanta a bhailiú lena gcur san áireamh ar liostaí teagmhála a eascraíonn as teagmháil le cleachtóirí sna meáin (iriseoirí, ionadaithe caidrimh phoiblí) agus ag comhdhálacha nó imeachtaí – ar líne agus ar an láthair – chun críocha líonra OOP a fhorbairt agus chun críocha caidrimh phoiblí i gcoitinne.
I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear tá: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin.
Is é an bunús dlí chun do shonraí a phróiseáil, ag brath ar an gcuspóir, ná feidhmiú údaráis oifigiúil nó toiliú.
Nuair a thugann tú cuairt ar cheann dár bhfoirgnimh, dár réadmhaoin nó dár Láithreáin Oidhreachta
Déanfaimid do chuid sonraí a phróiseáil ar chúiseanna slándála chun an rochtain atá agat ar ár bhfoirgnimh nó ár réadmhaoin a shocrú. Mar mhalairt air sin, nuair a thugann tú cuairt ar cheann de na suíomhanna oidhreachta atá á mbainistiú ag OOP ar fud na hÉireann agus nuair a roghnaíonn tú ticéid a cheannach ar líne, próiseálfaimid do chuid sonraí le linn an phróisis áirithinte ar líne.
I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear tá: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, físeáin / íomhánna TCI, sonraí feithicle.
Is é an bunús dlí chun sonraí a phróiseáil chun na críocha seo ná ár leas dlisteanach (slándáil an tsuímh) nó chun conradh a chomhlíonadh (díolachán ticéad ar líne).
Seans go mbeidh orainn do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe ábhartha amhail ranna rialtais eile chun cead a thabhairt duit rochtain a fháil ar ár bhfoirgnimh nó ar ár réadmhaoin.
Nuair a thugann tú cuairt ar ár Suíomhanna Gréasáin nó nuair a bhíonn tú ag idirghníomhú linn ar na Meáin Shóisialta
Féadfaimid sonraí pearsanta amhail fianáin riachtanacha a phróiseáil ionas go mbeidh aon úsáideoir ár suíomhanna gréasáin, mar shampla www.heritageireland.ie nó www.floodinfo.ie, in ann na seirbhísí a chuirimid ar fáil a úsáid nuair atá siad ag iarraidh. D'fhéadfaimis an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach úsáideoir dár suíomhanna ghréasáin:
- eolas staitistiúil (seoladh IP agus óstainm, leagan brabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu srl.)
- seoladh an tsuímh ghréasáin roimhe seo ónar tháinig tú orainn, lena n-áirítear aon fhocail chuardaigh a úsáideadh
Bainimid úsáid as an eolas seo chun anailís a dhéanamh ar phatrúin úsáide duine ar leith chun éifeachtacht an tsuímh ghréasáin a fheabhsú. Ní dhéanfaimid iarracht cuairteoirí aonair a aithint, ná na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas a cheangal le haon duine ar leith.
Is é ár bpolasaí gan eolas den sórt sin faoi chuairteoirí ar leith ar an suíomh gréasáin a nochtadh riamh d'aon tríú páirtí mura luaitear go sainráite é (féach an mhír faoi Google Analytics thíos), nó mura ndéantar oibleagáid orainn eolas den sórt sin a nochtadh faoi riail an dlí.
Is é an bunús dlí don phróiseáil seo ná do thoiliú, mar atá leagtha amach inár bhfógra fianán/Ionad Sainroghanna Príobháideachais nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin.
D'fhéadfaí cliceanna ar naisc chuig cuntais meán sóisialta a chuirimid ar fáil ar ár suíomh gréasáin a chomhaireamh san iomlán bunaithe ar an URL agus ní ar aon eolas pearsanta inaitheanta. Próiseálaimid sonraí pearsanta freisin agus ár gcuntais meán sóisialta á mbainistiú againn de réir mar a bhíonn daoine aonair ag idirghníomhú lenár leathanaigh ar na hardáin sin. Féachaimid ar thuairimí / freagairtí ar ár gcuntais, agus coinníonn an t-ardán meán sóisialta atá i gceist iad seo. Déantar é seo de réir ár bpolasaí ar na meáin shóisialta chun críocha líonra OOP a fhorbairt agus chun críocha caidrimh phoiblí i gcoitinne.
Is é an bunús dlí atá againn le próiseáil ná gur chun leas dlisteanach OOP a líonra a fhorbairt atá an phróiseáil sin.
Sonraí a aistriú chuig tríú tíortha
Sa chás go bhfuil orainn sonraí a aistriú chuig tríú tír lasmuigh den AE/LEE nach bhfuil cinneadh leordhóthanachta i bhfeidhm aici, cinnteoimid go bhfuil cosaintí cuí i bhfeidhm agus aon aistriú den sórt sin á dhéanamh.
Cá fhad a choinníonn muid sonraí
Braitheann an fad ama a choinneoimid do shonraí ar chuspóir na próiseála agus ar ghnéithe amhail:
- riachtanais reachtúla
- riachtanais dhlíthiúla
- riachtanais chonarthacha
Do chearta
Ceart rochtana
Tá sé de cheart agat cóip de do chuid sonraí a iarraidh agus go gcuirfí ar an eolas thú maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear na sonraí. Is féidir leat iarratas duine ar a shonraí a dhéanamh chugainn tríd an 'Fhoirm Iarratais ar Shonraí' atá ar fáil thíos a chomhlánú.
Ceart ceartúcháin
Tá sé de cheart agat a iarraidh go ndéanfaí aon sonraí míchruinne a cheartú agus a uasdátú. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le do cheart go ndéanfaí ceartúcháin tríd an ‘Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ atá ar fáil thíos a chomhlánú.
Ceart léirscriosta
Tá sé de cheart agat a iarraidh go ndéanfar do shonraí a scriosadh. Tá srianta áirithe ar an gceart chun scriosadh, mar shampla, má tá bunús dlí eile i bhfeidhm maidir leis an bpróiseáil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le do cheart go ndéanfaí do shonraí a scriosadh tríd an ‘Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ atá ar fáil thíos a chomhlánú.
Ceart srianta próiseála
Tá sé de cheart agat srian a iarraidh ar phróiseáil sonraí. Baineann coinníollacha áirithe leis an gceart seo. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le do cheart chun srian a chur ar phróiseáil tríd an ‘Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ atá ar fáil thíos a chomhlánú.
Ceart iniomparthachta sonraí
Tá sé de cheart agat iniomparthacht sonraí a fháil, go dtarchuirfí sonraí, má dhéantar an bunús dlí a úsáidtear chun na sonraí a phróiseáil le do chead nó mar chuid de chonradh. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le do cheart chun iniomparthacht sonraí a fháil tríd an ‘Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ atá ar fáil thíos a chomhlánú.
Ceart agóide
Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne do shonraí a phróiseáil. Tá srianta ar an gceart seo, lena n-áirítear nuair a bhíonn ceist dhlí ag dul ar aghaidh. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le do cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne do shonraí a phróiseáil tríd an ‘Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ atá ar fáil thíos a chomhlánú.
An ceart gan a bheith faoi réir próiseála nó próifílithe uathoibrithe
Tá sé de cheart agat gan a bheith faoi réir próiseála nó próifílithe uathoibrithe a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla acu a bhaineann leat. Tá srianta ar an gceart seo lena n-áirítear próiseáil mar chuid de chonradh nó sa chás go bhfuil toiliú sainráite tugtha agat. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le do cheart gan a bheith faoi réir próiseála nó próifílithe uathoibrithe tríd an ‘Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ atá ar fáil thíos a chomhlánú.
Ceart toiliú a tharraingt siar
Tá sé de cheart agat toiliú a tharraingt siar maidir le húsáid do shonraí sa chás gurb é an toiliú an bunús dlí chun na sonraí a phróiseáil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le do cheart toiliú a tharraingt siar tríd an ‘Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ atá ar fáil thíos a chomhlánú.
Iarratais Rochtana Ábhair Sonraí
Tá sé de cheart agat cóip de do shonraí pearsanta a iarraidh trí iarratas duine ar a shonraí a dhéanamh.
Mar chuid den fhreagra, tá an t-eolas seo a leanas le cur ar fáil freisin:
- cuspóir na próiseála
- cineál na sonraí pearsanta a phróiseáiltear
- na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí ar nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe faighteoirí i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta
- nuair is féidir, an tréimhse atá beartaithe chun na sonraí pearsanta a stóráil nó, mura féidir é sin a chur ar fáil, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh
- an ceart a iarraidh ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a cheartú nó a scriosadh, nó srian a chur le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine is ábhar do na sonraí, nó agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála sin
- an ceart chun gearán a chur isteach le húdarás maoirseachta
- sa chás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón duine is ábhar do na sonraí, aon eolas atá ar fáil maidir lena bhfoinse
- cinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú agus, sna cásanna sin ar a laghad, eolas fiúntach faoin loighic atá i gceist chomh maith le tábhacht na próiseála sin agus na torthaí a mheastar a bhaineann leis an bpróiseáil sin don duine is ábhar do na sonraí
Is féidir iarratas duine ar a shonraí a dhéanamh tríd an bpost nó trí ríomhphost mar aon le cóip d’aitheantas fótagrafach agus cóip de bhille fóntais le déanaí nó de litir a d'eisigh an rialtas (arna dhátú laistigh de 3 mhí) chuig:
An tOifigeach Cosanta Sonraí, Oifig na nOibreacha Poiblí, Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, Co. na Mí, C15 NX36
Nó mar ríomhphost chuig dpo@opw.ie
Cuirfear tús leis an iarratas nuair a fhíorófar d'aitheantas. Ní bheidh muid in ann tús a chur le d’iarratas mura bhfuilimid go hiomlán sásta maidir le d'aitheantas. Déantar é seo chun a chinntiú nach nochtar sonraí pearsanta don duine mícheart de thaisme.
Iarrataí Rochtana ó Ábhair Sonraí
Ba cheart Iarratas Rochtana ó Ábhair Sonraí (chun do chearta thuas a chur i bhfeidhm seachas do cheart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta) a sheoladh chuig:
An tOifigeach Cosanta Sonraí, Oifig na nOibreacha Poiblí, Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, Co. na Mí, C15 NX36
Nó mar ríomhphost chuig dpo@opw.ie
Cuirfear tús leis an iarratas nuair a fhíorófar d'aitheantas. Ní bheidh muid in ann tús a chur le d’iarratas mura bhfuilimid go hiomlán sásta maidir le d'aitheantas. Déantar é seo chun a chinntiú nach nochtar sonraí pearsanta don duine mícheart de thaisme.
Ag freagairt d’iarratais
Tá dualgas orainn d'iarratas a fhreagairt laistigh de mhí féilire amháin. Mura bhfuilimid in ann freagra a thabhairt ar d'iarratas laistigh den tréimhse seo, áfach, d'fhéadfaimis síneadh a chur leis an tréimhse ar feadh dhá mhí eile. Seolfaimid míniú scríofa chugat ar na cúiseanna atá le haon síneadh.
Ceart gearán a dhéanamh
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin um Chosaint Sonraí:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28 Tá foirmeacha gréasáin ar fáil ag: www.dataprotection.ie
R-phost: info@dataprotection.ie Guthán: +353 578 684 800 nó +353 761 104 800
Teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí
Má tá ceisteanna agat faoin gcaoi a n-úsáidimid do chuid faisnéise nó más mian leat rochtain a fháil ar do chuid sonraí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí i scríbhinn ag:
Oifig Chosanta Sonraí Seoladh: Oifig na nOibreacha Poiblí, Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, Co. na Mí, C15 NX36
R-phost: dpo@opw.ie
Uimhir ghutháin: +353 (46) 9422000
Athruithe ar an bhfógra seo
Féadfaimid an Fógra Príobháideachta seo a nuashonrú ó am go ham chun a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais dhlíthiúla.