English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Stair Oifig na n-Oibreacha Poiblí



Reamhrá

Bunaíodh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) (nó "Bord na nOibreacha Poiblí" mar a thugtaí air) in 1831, trí Acht Parlaiminte: Acht um Leathnú agus Cur Chun Cinn na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

Roimh an Acht seo, thug an raon eagraíochtaí seo a leanas faoi ról OPW:

• Oifig an Ard-Suirbhéara (1670-1763) a bhí i mbun oibreacha an Rí in Éirinn

• Coimisinéirí agus Maoirseoirí na mBeairicí/ Bhord na mBeairicí agus Bhord na nOibreacha Poiblí (1700-1823) – a riar beairicí an airm ar dtús agus ansin na foirgnimh phobail níos déanaí in Éirinn

• Coimisinéirí Iasachtaí na nOibreacha Poiblí (1817-1831) – i mbun iasachtaí a riar

• Stiúrthóirí Loingseoireachta Intíre (1729-1831) – a bunaíodh chun na hoibreacha loingseoireachta a riar in Éirinn, go príomha tógáil na gcanálacha.


Ról OPW

Ceapadh bord de thriúr Coimisinéirí a bhí neamhspleách óna gcomhchoimisinéirí sa Bhreatain agus freagrach do Choimisinéirí na dTiarnaí don Státchiste.

Chomh maith le maoiniú poiblí a bheith aige, d'fheidhmigh OPW mar ghníomhaireacht iasachta. Bhí an chumhacht aige iasachtaí a thabhairt chun oibreacha poiblí a bhí ann cheana féin nó a bhí beartaithe a bhunú, a leathnú amach nó a fheabhsú, chomh fada is ar ceapadh go raibh an tionscadal indéanta.

Thar na blianta, tá feidhmeanna OPW tar éis tionchar a imirt ar ghnéithe éagsúla den saol in Éirinn.


Ag éirí níos tábhachtaí

D'fhás OPW le linn an Ghorta Mhóir ó 1845-1852, nuair a tugadh an tasc dó le hoibreacha fóirithinte a reáchtáil trí iasachtaí a thabhairt ón státchiste. Ó go déanach sna 1850idí, cuireadh an fhreagracht air chun aire a thabhairt do bheairicí na bpóilíní, na stáisiúin garda cósta, na scoileanna náisiúnta, oifigí an phoist, na foirgnimh custaim, na hollscoileanna ríoga agus tithe na ngealt.

Sna 1850idí agus sna 1860idí thug OPW faoi scéimeanna ollmhóra draenála atairí ar chóras aibhneacha na Éireann, a d'athraigh an tírdhreach go mór. Chomh maith leis sin thug sé faoi líon mór de choimisiúin shuntasacha phoiblí go déanach san 19ú haois agus go luath san 20ú haois, an tArd-Mhúsaem agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ina measc. Sna 1980idí agus sna 1990idí bhí sé freagrach as coimisiúin thábhachtacha i mBaile Átha Cliath ar nós forbairt a dhéanamh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, athchóiriú a dhéanamh ar an Ospidéal Ríoga agus athfhorbairt a dhéanamh ar Fhoirgnimh an Rialtais ar Shráid Mhuirfean.

Faoi reachtaíocht in 1882 agus 1892 tugadh údarás d'Oifig na nOibreacha Poiblí um Shéadchomharthaí Náisiúnta Éireann a chaomhnú.


An Lá Inniu

Sa lá inniu, baineann freagrachtaí OPW le trí phríomhréimse:

  • Bainistíocht Punann Eastát
  • Seirbhísí Oidhreachta
  • Bainistíocht Riosca i gcás Tuilte.

Cuireann OPW cóiríocht ar fáil do Sheirbhísí an Rialtais agus déantar cuid mhór de phunann réadmhaoine an Stáit a bhainistiú. Tá sé anois i mbun na gné de Bhainistíocht Sócmhainní Réadmhaoine de Item was unpublished or removed.

Tá an fhreagracht air freisin maidir le cúram a thabhairt do 780 láithreán oidhreachta, séadchomharthaí náisiúnta, páirceanna, gairdíní agus foirgnimh stairiúla san áireamh.

Is é príomhghníomhaireacht innealtóireachta an Rialtais é, a chuireann seirbhís innealtóireachta ar fáil don Bhainistíocht Riosca i gCás Tuilte agus a chuireann feidhmeanna Bainistíochta Punann Eastát OPW ar fáil freisin do Ranna Rialtais eile.


Bainistíocht OPW

Is Oifig Rialtais lárnach í OPW agus is cuid den Státseirbhís í foireann na heagraíochta.

Tá tuilleadh eolais maidir le struchtúr agus córas bainistíochta OPW ar fáil ag Who Does What.

Is féidir tuilleadh eolais faoi stair Oifig na nOibreacha Poiblí a fháil ó Leabharlann OPW (library@opw.ie) nó ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann.