English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Calafort Eorpach Ros Láir - Críochfort 7 agus Oibreacha Cumasaithe

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag tabhairt faoi Phost Rialaithe Teorann nua a thógáil – ar a dtabharfar Críochfort 7 a sholáthróidh an bonneagar buan riachtanach ag Calafort Eorpach Ros Láir chun cloí le rialuithe Custaim, sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) agus bia de thoradh an Bhreatimeachta. Beidh uasghráduithe suntasacha bonneagair á ndéanamh ag Calafort Eorpach Ros Láir go Meán Fómhair 2025. Cinnteoidh na hoibreacha seo go mbeidh ról ríthábhachtach eacnamaíoch ag an gCalafort i gcónaí sa cheantar agus sa réigiún.

Tacóidh na huasghráduithe leis an bhfás atá beartaithe don Chalafort amach anseo. Beidh siad ar na cinn is suntasaí i stair an Chalafoirt agus tabharfaidh siad buntáistí a bhfuil géarghá leo dóibh siúd a úsáideann an Calafort agus a chónaíonn gar dó de réir mar a leathnófar é.

Beidh céimeanna éagsúla tógála sna hoibreacha a sholáthróidh áiseanna feabhsaithe nua mar aon le bealaí isteach agus amach, agus uasghrádú suntasach ar an mbonneagar ar fud an Chalafoirt i go leor áiteanna. Rinneadh oibreacha talún tosaigh i 2023 mar ullmhúchán do na hoibreacha substaintiúla atá ar siúl faoi láthair. Chinntigh na hoibreacha talún seo freisin gur féidir leis an gCalafort leanúint ar aghaidh ag oibriú go sábháilte agus go héifeachtach do gach úsáideoir le linn na n-oibreacha móra atá ar siúl.

Déan Teagmháil Le

Má tá aon cheist agat maidir leis an bhfógra seo, déan teagmháil le hOifig na nOibreacha Poiblí ag RosslareEuroport@opw.ie