English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Roinn Comhshaoil, Pobail & Rialtais Áitiúil

In 2005, chuir an OPW tús le tionscadal chun cóiríocht a chur ar fáil don fhoireann den Roinn Comhshaoil, Pobail & Rialtais Áitiúil (RCPRÁ) agus an cuspóir soiléir a bhí ann ná go mbeadh an oifig nua mar an phríomhoifig ó thaobh dearaidh agus tógála inbhuanaithe agus comhshaoil.

An cúram a bhí ann ná critéir na Dámhachtana Tógála Inbhuanaithe a chomhlíonadh, ina bhfuil forbairt láithreáin Inbhuanaithe, dearadh inoiriúnaithe Saoil, Ábhair Ghlasa agus comhábhair, Caomhnú Fuinnimh, Acmhainní Fuinnimh In-athnuaite agus caomhnú Uisce.

Bronnadh an conradh €18.6 milliún ar Pierse Contracting Ltd. i mí an Mheithimh 2007.

An coincheap den dearadh don RCPRÁ i Loch Garman ná foirgneamh inbhuanaithe atá ag freastal ar Inbhear na Sláine trí úsáid a bhaint as dhá fhoirgneamh atá cuartha agus ag sleamhnú le chéile chun íomhá chosantach agus scáthach a chruthú agus ag an am céanna ag gearradh isteach i dtaobh an chnoic chun chomhcheangal leis an suíomh glas a thagann chun fána go réidh. Fuarthas an suíomh 2.025ha ó Chomhairle Contae Loch Garman.

Tá dhá sciathán a bhféadfaí cur leo ceangailte le chéile le spás aitriam gairdín inmheánach atá gloinithe agus atá ar fáil do léirithe, taispeántais agus ócáidí poiblí, chomh maith le bheith mar spás tionóil do na seomraí comhdhála. Tá na hoifigí deartha leis an méid is mó de sholas an lae a fháil agus le go mbeidh an taobh istigh agus an taobh amuigh ag teacht le chéile. Tá plean cúng (13.5m ar an méid is leithne) ag an bhfoirgneamh ionas go bhfaighidh gach áit solas nádúrtha an lae agus go mbeidh amharc lasmuigh ag muintir na hoifige.

Leis an gcur chuige comhshaoil i dtreo éiceolaíocht an tsuímh agus dearadh an fhoirgnimh déantar na hionaid lasmuigh agus taobh istigh agus bailchríocha an fhoirgnimh a chomhtháthú le chéile.

Leis an díon glas cuirtear insliú ar fáil agus méadaítear ionchas saoil na n-ábhar dín. Tá sé ann freisin chun an bháisteach a laghdú ar an suíomh tríd an mbáisteach a ionsú isteach agus é a dhoirteadh isteach in umar stórála le haghaidh sruthlaithe uisce agus uisciúcháin. Tá córais a dhéanann uisce a shábháil in úsáid i ngach seomra níocháin. Déantar tuilleadh laghdaithe ar an mbáisteach ar an láthair trí úsáid a bhaint as pábháil thréscaoilteach sa charrchlós. Is léir crediúintí comhshaoil an fhoirgnimh leis an díon glas atá feiceálach.

‌Bhí Pierse Contracting Ltd leis an tógáil ar an bhfoirgneamh a chríochnú faoi dheireadh mhí na Nollag 2008, ach ní raibh an foirgneamh réidh le hobair ann go dtí mí an Mhárta 2010. Cuireann an foirgneamh 6,586sqm cóiríocht ar fáil do tuairim is 280 ball foirne. Is é Brainse Troscán an OPW a chuir an troscán isteach ann.


AN FHOIREANN DEARAIDH

Ailtire:

  • Scott Tallon Walker, 19 Cr. Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
  • Seirbhísí Ailtireachta an OPW.

Innealtóirí Meicniúla & Leictreacha:

  • Delap agus Waller, Teach Bloomfield, Baile Átha Cliath 8.
  • Seirbhísí Innealtóireachta Meicniúla & Leictrí an OPW.

Suirbhéir Cainníochta:

  • Seirbhísí Suirbhéireachta Cainníochta an OPW.

Innealtóirí Sibhialta & Struchtúr:

  • Connor Sutton Cronin, 9 Sráid na Prúise, Baile Átha Cliath 7.
  • Seirbhísí Innealtóireachta Struchtúr an OPW.

Sláinte & Sábháilteacht

  • OLM, 41 Sráid Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2.

Seirbhísí an OPW

  • Suirbhéireacht Chainníochta
  • Ailtireacht
  • Innealtóireacht Mheicniúil & Leictreach
  • Bainistíocht Tionscadal
  • Bainistíocht Réadmhaoine
  • Brainse Troscán

Príomhchonraitheoir

  • Pierse Contracting.

Fochonraitheoirí

Leictreach:

  • Seamus Byrne, Páirc Ghnó BhótharLochGarman, Ceatharlach.

Meicniúil:

  • Kirby, Bóthar Mhuine Mheá, An Baile Bán, Gaillimh.