Athbhreithniú ar na Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile (PBPT) 2021
- Foilsithe: 6 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Foilsíodh na PBPT i mí Bealtaine 2018 faoi réir ag riachtanais Treir ‘Tuilte’ an AE 2007 (2007/60/EC) agus Ionstraimí Reachtúla Uimh. 122 de 2010 agus Uimh. 495 de 2015. Is iad na PBPT an tríú céim den Treoir, a leanann an Réamh-mheasúnú Priacal Tuile (RPT) agus ullmhú na mapaí tuile. Leagann an Treoir síos go gcaithfear athbhreithniú agus uasdhátú mar is gá ar na PBPT tráth nach déanaí ná 22 Nollaig 2021 agus gach sé bliana ina dhiadh sin.
Rinne OPW athbhreithniú ar na PBPT ag cur na gnéithe seo a leanas san áireamh:
- Dul chun cinn ar na tionscadail chaipitiúla um scéimeanna faoisimh tuile agus bearta eile atá leagtha amach ins na PBPT;
- Forbairtí eile maidir le bainistiú priacal tuile le trí bliana anuas, agus bearta suntasacha eile a thosaigh ó foilsíodh na PBPT san áireamh;
- Na gníomhaíochtaí atá leagtha amach sa Phlean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide maidir le Bainistiú Priacal Tuile 2019;
- Comhairliúchán leis an nGrúpa Idir-Rannach um Chomhordú Pholasaí Tuile, an Grúpa Comhordaithe Náisiúnta Treoir ‘Tuilte’ agus CCMA bunaithe ar dhréacht-thuarascáil athbhreithnithe, agus comhairliúchán leanúnach poiblí ar dhul chun cinn na mbearta atá leagtha amach ins na Pleananna ar leibhéal tionscadail.
Is iad conclúidí an athbhreithnithe nár tugadh isteach aon bhearta breise agus nach bhfuil gá lena leithéid um an dtaca seo. Léiríonn sé seo cuimsitheacht chéadfheidhmithe an Treoir ‘Tuilte’ agus an chláir oibre leagtha síos ins na PBPT atá le feidhmiú amach go dtí 2027, de réir PFN 2018-2027, tráth is gá athbhreithniú a dhéanamh arís ar na PBPT. Mar sin, ní gá um an dtaca seo PBPT nua a ullmhú ná na PBPT atá ann cheana a uasdhátú.