English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár Bainistíochta Aispeiste an OPW



Ginearálta

An t-ainm coitianta a thugtar ar ghrúpa de mhianraí a tharlaíonn go nádúrtha a bhfuil saintréithe de shnáithíní fada acu ná Aispeist. De bharr a tréithe dódhíonacha agus inslithe ar leith, baineadh úsáid fhorleathan as an ábhar mar tháirge tógála go háirithe roimh dheireadh 1985.

Is féidir Aispeist a fho-roinnt i dtrí phríomhchineál:

Cristíl: De ghnáth tugtar "aispeist bhán" air seo. Is é seo an aispeist is coitianta atá le fáil i dtáirgí stroighne/ coincréite aispeiste.

Amaisít: De ghnáth tugtar "aispeist donn" air seo. Baineadh úsáid fhorleathan as an ábhar seo le hábhair inslithe théarmacha agus leathán dódhíonach a dhéanamh.

Croicidilít: De ghnáth tugtar "aispeist ghorm" air seo. Baineadh úsáid as an ábhar seo mar inslitheoir dódhíonach agus téarmach, go minic mar sprae.

An príomhriosca a bhain le hábhair aispeiste ná ionanálú na snáithíní aispeiste. A mhéad a mhionbhrúnn an t-ábhar aispeiste is ea is mó an riosca toisc gur dóichí go mbeidh na snáithíní san aer. Dá bhrí sin, an straitéis atá ann maidir le cosaint ná cosc a chur ar dhaoine a nochtadh do shnáithíní atá san aer.

Tá Cód Cleachtais curtha le chéile ag an OPW d'fhonn treoir a thabhairt maidir le bainistíocht shábháilte na n-ábhar aispeiste. a bhféadfaí teacht orthu i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht an OPW, nó ar léas nó á gcothabháil aige. Baineann an Cód le gach ball foirne den OPW a bhfuil baint acu leis an tógáil, cothabháil nó le hoibreacha athchóirithe. Ba chóir don fhoireann atá ag gníomhú mar mhaoirseoirí a chinntiú go gcuirtear an Cód faoi bhráid na ndaoine cuí ar fad atá faoina maoirseacht. Baineann an Cód Cleachtais seo le gach foirgneamh den OPW. Cuireann sé treoir ar fáil freisin d'ionadaithe an OPW agus tionscadail á mbainistiú nó á maoirsiú acu thar ceann tríú páirtithe.


Dáileadh Freagrachtaí

Tá an fhreagracht maidir leis an gclár bainte aispeiste a bhainistiú ar an Aonad Sláinte agus Sábháilteachta. I ngach cás ina dtagann an fhoireann ar aispeist agus iad ag obair, nó má chreideann siad go réasúnta go bhféadfadh aispeist a bheith ann, ba chóir an t-eolas seo a chur ar aghaidh laithreach chuig an Aonad.

Tugadh faoi líon tionscadal ina raibh scoileanna, stáisiúin Gardaí agus foirgnimh Rialtais eile, faoin gClár Bainistíochta Aispeiste in 2010. An caiteachas iomlán a bhí faoin gclár ná €3.59 milliún, agus caitheadh €2.65 milliún de ar oibreacha scoile thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna. Caitheadh an chuid eile, €0.94 milliún ar fhoirgnimh eile faoi chúram an Stáit. Tá an príomhchlár suirbhé bainistíochta beagnach curtha i gcrích agus tá beagnach 6000 foirgneamh san áireamh ó cuireadh tús leis roinnt mhaith blianta ó shin.

In 2010, thug an tAonad Bainistíochta Aispeiste athruithe isteach maidir leis an mbealach ina ndéantar oibreacha bainte aispeiste a bhainistiú sna scoileanna náisiúnta. Cuireadh an tasc maidir leis na hoibreacha seo a chur amach ar tairiscint agus na conarthaí a dhéanamh ó thaobh na hábhair a bhaint ar aghaidh chuig na Boird Bainistíochta. Roimhe seo rinne an OPW é féin é seo. Tá ról an OPW teoranta anois ó thaobh saineolas teicniúil agus tacaíocht a chur ar fáil d'fhoirne dearaidh na Scoileanna agus monatóireacht a dhéanamh ar na hoibreacha bainte lena chinntiú go gcloítear leis na riachtanais reachtúla.


Foilseacháin

Asbestos Regulations
Amharc amharc
EC guide to best practice on asbestos
Amharc amharc
Accommodation Officers Handbook
Amharc amharc
Asbestos Essentials
Amharc amharc
Asbestos: The Survey Guide
Amharc amharc
Short Guide to Managing Asbestos
Amharc amharc