English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Gasra Oibre Comhordaithe na Gníomhaireachta Stáit um Priacal Tuile na Sionainne

Bhunaigh an Rialtas Grúpa Oibre Comhordaithe Ghníomhaireachta Stáit um Riosca Tuile na Sionainne, a bhfuil OOP mar chathaoirleach air, in 2016 chun feabhas a chur ar chomhoibriú leanúnach na nGníomhaireachtaí Stáit go léir a bhfuil baint acu le hAbhainn na Sionainne agus chun réitigh chomhordaithe um riosca tuilte a thabhairt isteach a d'fhéadfadh go mbeadh buntáiste acu maidir le riosca tuilte a bhainistiú i nDobharcheantar na Sionainne.

Bunaíodh an Grúpa ag an am sin tar éis tuilte tromchúiseacha a tharla linn gheimhreadh 2015/16. Tá an Grúpa dírithe ar bhearta agus gníomhaíochtaí a chur in ord tosaíochta a chuideoidh le riosca tuilte ar feadh na Sionainne a bhainistiú.

Príomhról atá ag an nGrúpa is ea monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bPleananna um Bainistiú Riosca Tuilte a forbraíodh mar thoradh ar an gClár Náisiúnta um Measúnú agus Bainistiú Riosca Tuile do Dhobharcheantar (CFRAM). Áirítear leis na Pleananna um Bainistiú Riosca Tuilte 34 scéim nua faoiseamh tuilte. chun pobail ar fud Abhantrach na Sionainne a chosaint. Cosnóidh na scéimeanna seo, mar aon leo siúd atá críochnaithe cheana féin nó atá á dtógáil, 95% d’aon mhaoin a bheidh i mbaol suntasach ó thuilte san am atá le teacht.

Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil: Grúpa Abhainn na Sionainne