English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oifig Thréidliachta Cheantair Liatroim

Tá coincheap an tionscadail bunaithe ar phlean dronuilleogach, ónar baineadh limistéir chun clóis a chruthú atá leathiata. Sa chruth dronuilleogach seo, tá airde ann freisin, as a dtagann an chéad urlár thar an mbunurlár easbhrúite.

Tá sé seo cosúil le suíomh tíreolaíoch na láithreach féin, atá idir Sliabh an Iarainn agus Loch Aillionn.

Cruthaíonn an chéad urlár ina bhfuil oifigí atá cumhdaithe le hadhmad pointe tosaigh cothrománach don phlean dronuilleogach. Tá an chuid eile den chóiríocht thíos staighre, ag dul thar agus ag cúlú thíos faoi phlean an chéad urláir. Braitheann airde spás an bhunurláir ar an tírdhreach ina bhfuil an foirgneamh, idir Sliabh an Iarainn agus Loch Aillionn.

Tá cumhdach na haolchloiche ar bhallaí an bhunurláir agus na ndíonta ar phlionta coincréiteach. Déantar an líne is ísle den phlionta seo a dhreachadh trí dhroimeachtaí ar an talamh.

Tá an cumhdach adhmaid gearrtha agus cúlaithe leis na fuinneoga a chur isteach ann. Tá na fuinneoga i gcumhdach cloiche an fhoirgnimh ag gobadh amach agus ag crochadh ar nós frámaí pictiúir, ag léiriú neamh-intreáiteacht na cloiche.

Cuireadh éifeacht na haimsire ar an gcumhdach adhmaid san áireamh: le fleascaí alúmanaim cothrománacha, agus cláir atá faoi lán-airde idir na fleascaí seo, ligtear don uisce a rith chun srutha gan smálú. Tá cumhdach na haolchloiche comhréidh ar a bhfuil mítéarailt coirnéil.

Go hinmheánach, tá an struchtúr coincréiteach nochta chun an uigeacht a thaispeáint. Is é atá i gceist leis na bailchríocha ná idir coincréit ar a bhfuil bailchríoch mhín atá lárnach sa phlean, ag bogadh chuig coincréit gharbh bhordmharcáilte do na seomraí atá san imlíne lasmuigh. An chríoch dheiridh den fhoirgneamh is ea an balla teorann iata den láthair dhronuilleogach ar a bhfuil spallaí randamacha.

Is é atá sna síleálacha ná tairr choincréiteacha nochta. Gné tharraingteach sna spásanna ina bhfuil na pasáistí agus sna seomraí cruinnithe ná na síleálacha ar a bhfuil slataí fuinseoige, atá mar mhaolairí fuaime sna timpeallachtaí seo a d'fhéadfadh a bheith torannach.


An Fhoireann Dearaidh

Na hAiltirí

  • Seirbhísí Ailtireachta an OPW

An Cliant

  • An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia
  • Denis Mehigan

Na hInnealtóirí Struchtúr

  • Seirbhísí Innealtóireachta an OPW

Innealtóirí M&E

  • Seirbhísí Innealtóireachta M&E an OPW

Suirbhéirí Cainníochta

  • Mulcahy McDonagh agus a Chomhpháirtithe

Innealtóireacht Dóiteáin

  • Fire Element Engineers

Bainistíocht Tionscadal

  • Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal an OPW